Skip to main content

Tá tú anseo:  

Tú féin a chur in iúl

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat tú féin a chur in iúl – chun rudaí a fháil amach agus chun do thuairimí a roinnt le daoine eile.

Tá an ceart seo teoranta ós rud é go mínítear go bhfuil an fhreagracht agat gan daoine eile a ghortú leis an méid atá le rá agat.

SAMPLA: Tá clár ar a dtugtar Guth an Scoláire i roinnt scoileanna. Leis seo, ligtear do dhaltaí iad féin a chur in iúl agus níos mó focail a bheith acu maidir leis an gcaoi a bhfoghlaimíonn siad ar scoil.

Faigh tuilleadh eolais!

  • UNCRC atricle 13:Tá sé de cheart agat tú féin a chur in iúl agus an méid a cheapann tú a roinnt, ach amháin má dhéanann sé dochar duit nó do dhaoine eile.
  • Faoi Airteagal 40 de Bhunreacht na hÉireann, tá sé de cheart agat tú féin a chur in iúl gan srian. Mar sin féin, tá teorainn leis an gceart seo ós rud é nach bhfuil tú i dteideal rudaí a rá a d’fhéadfadh foréigean a spreagadh i ndaoine eile.
  • Faoi Bhunreacht na hÉireann, tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh ar bhealach síochánta. Is ceann de do chearta bunúsacha é seo.
  • Faoin Acht um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Fuatha, 1989, ní cheadaítear duit ábhar ciníoch nó homafóbach, ná ábhair idirdhealaithe eile a chruthú ná a dháileadh.