Skip to main content

Tá tú anseo:  

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat ainm agus céannacht a bheith agat.

Ba chóir go mbeadh a fhios ag an Rialtas cé hé tú féin agus taifead do bhreithe a bheith acu.

SAMPLA: Mura mbeadh do theastas breithe agat ná uimhir PSP, ní bheifeá in ann clárú le dochtúir áitiúil nó dul ar scoil.

Faigh tuilleadh eolais!

  • UNCRC, article 7: Tá sé de cheart agat ainm a bheith agat, agus ba cheart don Rialtas é seo a aithint go hoifigiúil. Tá sé de cheart agat náisiúntacht a bheith agat (ceart chun tíre is dual duit).
  • UNCRC, article 8: Tá sé de cheart agat céannacht a bheith agat – taifead oifigiúil de cé hé tú féin. Níor chóir d’aon duine é seo a bhaint uait.
  • Faoin Acht um Inscne a Aithint 2015, má tá tú 16 nó 17 mbliana d’aois, tá sé de cheart agat d’inscne agus d’ainm a athrú le toiliú do thuismitheora trí na cúirteanna. – De réir an Achta um Chúram Leanaí 1991 agus Acht na Leanaí 2001, tá sé de cheart agat nach mbeadh d’ainm le feiceáil in aon mheáin má tá do thuismitheoirí sa chúirt maidir le do shocruithe coimeádta, nó má tá tú os comhair na gcúirteanna ar chúiseanna coiriúla. Cosnaíonn sé seo do chéannacht mar leanbh.
  • Faoin Acht um Chlárú Sibhialta 2004, tá sé de cheart agat go gcláraíonn do thuismitheoirí d’ainm agus do chéannacht a chlárú leis an Stát laistigh de 3 mhí ó rugadh tú.