Skip to main content

Tá tú anseo:  

Slán Sábháilte

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat a bheith sábháilte agus cosanta ó bhaol agus dúshaothrú.

Féadfaidh leanaí a bheith soghonta. Tá sé de dhualgas ar an Rialtas cabhrú chun tú a chosaint ó bhaol, amhail drochíde, fuadach nó a bheith páirteach i dtrádáil na ndrugaí.

SAMPLA: Tá dlíthe i bhfeidhm in Éirinn a deir go gcaithfidh daoine fásta uile a oibríonn le leanaí, amhail múinteoirí, oibrithe sóisialta agus dochtúirí, leanaí a choinneáil sábháilte agus tuairisciú a dhéanamh don Gharda Síochána má tá siad buartha go bhfuil drochíde i gceist i gcás linbh.

Tuilleadh eolais!

  • UNCRC, article 11: Tá sé de cheart agat a bheith cosanta ó fhuadach.
  • UNCRC, article 19: Tá sé de cheart agat a bheith cosanta ó ghortú agus drochíde, idir chorp in intinn.
  • UNCRC, article 33: Tá sé de cheart agat a bheith cosanta ó dhrugaí díobhálacha agus ó thrádáil na ndrugaí.
  • UNCRC, article 34: Tá sé de cheart agat a bheith saor ó dhrochúsáíd ghnéasach.
  • UNCRC, article 35: Tá sé de cheart agat nach bhfuadaítear nó nach ndíoltar tú.
  • UNCRC, article 36: Tá sé de cheart agat a bheith cosanta ó gach cineál dúshaothraithe (duine/daoine ag teacht i dtír ort)
  • UNCRC, article 39: Tá sé de cheart agat go dtabharfaí cabhair duit má dhéantar tú a ghortú, má dhéantar faillí ort nó má gcaitear go dona leat.
  • Faoi Airteagal 42A de Bhunreacht na hÉireann, mura bhfuil sé sábháilte duit a bheith i do chónaí le do theaghlach,tá sé de cheart agat  go dtabharfaidh duine éigin eile aire duit.
  • De réir an Achta um Thús Áite do Leanaí 2015, titeann an fhreagracht maidir cosaint leanaí ar gach aon duine. Deirtear ann freisin go gcaithfidh daoine imní nó buairt ar bith atá orthu maidir le sábháilteacht linbh a thuairisciú do Tusla.
  • Faoin Acht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (2012-2016), tá sé de cheart agat go ndéantar grinnfhiosrú an Gharda Síochána ar dhuine ar bith atá ag obair le leanaí.
  • Is iad an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach agus an Garda Síochána na gníomhaireachtaí atá freagrach as cosaint leanaí in Éirinn.
  • In 2016, d’fhreagair Líne Chabhrach na Leanaí, seirbhís éisteachta Chumann na hÉireann um Chosaint Leanaí, 385,673 glaoch gutháin agus 19,582 comhrá ar a seirbhísí ar líne (comhrá ar líne/téacsteachtaireachtaí).
  • Dúirt leanbh amháin as gach 5 leanbh a ghlac páirt sa tionscadal taighde Net Children Go Mobilego ndearnadh bulaíocht orthu, idir bhulaíocht ar líne agus bhulaíocht as líne.
  • Mol um Shábháilteacht ar Líne ar an suíomh gréasáin Spunout agus tugtar eolas do dhaoine óga ann maidir le conas fanacht slán ar líne.
  • Líne Chabhrach na Leanaí,– Is seirbhís éisteachta do leanaí é Líne Chabhrach na Leanaí
  • Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí– Reáchtálann Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí Feachtas na Scéithe i gcoinne na bulaíochta
  • Belong To– Faigh amach faoin bhfeachtas ‘Stand Up’ atá á reáchtáil ag Belong To i gcoinne na bulaíochta homofóbaí agus trasfhóbaí
  • Spunout.ie – Tá eolas le fáil ag daoine óga ar an Mol um Shábháilteacht ar Líne maidir le conas fanacht slán ar líne
  • Barnardos– Tá eolas ag Barnardos le haghaidh daoine óga maidir leis an gceart chun sábháilteachta, lena n-áirítear roinnt seirbhísí a bhféadfadh daoine óga teagmháil a dhéanamh leo.
  • Tusla– Tá eolas ag an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, lena n-áirítear daoine óga, i ndáil le conas tuairisciú a dhéanamh má tá imní ann go bhfuil leanbh i mbaol
  • Webwise – Tá eolas ag Webwise do daoine óga ar sábháilteacht idirlín.