Skip to main content

Tá tú anseo:  

Leas an linbh

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat go ndéanann daoine fásta breithniú ar do leas nuair a bheidh cinntí a bhaineann leat á ndéanamh acu.

Seans nach mbeidh tú sásta i gcónaí leis an gcinneadh a dhéanann duine fásta, ach féadfaidh go bhfuil sé chun do leasa.

Sampla: D’’fhéadfadh tuismitheoir do théacsteachtaireachtaí a léamh má tá siad buartha faoi do shábháilteacht, cé go dtéann sé sin i coinne do cheart chun príobháideachais.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo

  • De réir Airteagal 3 de CNACL, tá sé de cheart agat go ndéanann daoine fásta an rud a bheidh chun do leasa. Nuair a dhéanann daoine fásta cinntí, ba chóir go gcuirfidís san áireamh conas a rachadh na cinntí sin i bhfeidhm ar leanaí.”
  • Faoi Airteagal 42A de Bhunreacht na hÉireann, tá sé de cheart agat go ndéanann cúirteanna breithniú ar leasa an linbh i gcásanna dlí teaghlaigh agus i gcásanna cúraim leanaí.
  • San Acht Uchtála 2010, tá sé de cheart agat gurb é do leas an rud is mó faoina gcaithfidh gairmithe smaoineamh agus breithniú á dhéanamh acu ar cé a dhéanfaidh tú a uchtáil.
  • Faoin Acht fán nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, 2013 (cruthú Tusla), tá sé de cheart agat go ndéanfaidh Tusla breithniú ar do leas agus cinntí a bhaineann leat á ndéanamh.