Skip to main content

Tá tú anseo:  

Teanga, Cultúr agus Creideamh

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Is féidir leat teanga ar bith a roghnaíonn do theaghlach a labhairt sa bhaile, ach seans go mbeidh ort teanga áirithe a labhairt ar scoil.

Tá sé de cheart agat do chultúr, do theanga agus do chreideamh féin a chleachtadh nó a cinn eile a roghnú. Bíonn cosaint speisialta an chirt seo ag grúpaí mionlaigh agus dúchasacha.

SAMPLA: In Éirinn, murab ionann agus tíortha eile, tá sé de chead agat cibé éadaí a theastaíonn uait a chaitheamh chun do shaoirse reiligiúin a léiriú, amhail cros nó hijab.

 

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo

  • CNACL, Airteagal 14 – tá sé de cheart agat do reiligiún agus do chreidimh féin a roghnú. Ba chóir do do theaghlach cabhrú leat an difear idir ceart agus éigeart a chinneadh, chomh maith le bheith in ann an rud atá chun do leasa a aithint.
  • CNACL, Airteagal 30 – tá sé de cheart agat do chultúr, do theanga agus do chreideamh féin a chleachtadh nó a roghnú. Bíonn cosaint speisialta an chirt seo ag grúpaí mionlaigh agus dúchasacha.
  • Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé de cheart agat doiciméid phoiblí i nGaeilge a iarraidh. Mínítear in Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann gurb í an Ghaeilge teanga oifigiúil na hÉireann.
  • Faoi Airteagal 44 de Bhunreacht na hÉireann, tá sé de cheart agat reiligiún ar bith a chleachtadh in Éirinn.