Skip to main content

Tá tú anseo:  

Cúram Sláinte

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat an cúram sláinte is fearr agus is féidir, uisce óil sábháilte, bia cothaitheach, timpeallacht ghlan agus shábháilte, agus eolas chun cuidiú leat fanacht slán.

Faigheann teaghlaigh áirithe cártaí leighis agus tá a gcuairteanna ar an dochtúir agus an ospidéal saor in aisce.

SAMPLA: Faigheann leanaí vacsaíní chun an bhreoiteacht a choimeád uatha.

Tuilleadh eolais!

  • UNCRC, article 24tá sé de cheart agat an cúram sláinte is fearr agus is féidir a bheith agat, chomh maith le huisce óil sábháilte, bia cothaitheach, timpeallacht ghlan agus shábháilte, agus eolas chun cuidiú leat fanacht sláintiúil.
  • Faoin Acht Sláinte 1970, tá sé de cheart agat gnéithe áirithe cúraim sláinte a fháil saor in aisce agus tú i do leanbh, amhail cuairteanna saor in aisce ar an dochtúir go haois 6 bliana d’aois.
  • Faoin Acht Sláinte 1970, tá sé de cheart ag daoine uile a bhfuil cónaí orthu in Éirinn rochtain a bheith acu ar sheirbhísí sláinte. Tá sé de cheart ag roinnt daoine cárta leighis a bheith acu má tá a gcuid ioncaim faoi bhun figiúir áirithe. Má tá cárta leighis agat, ní bhíonn ort íoc as cuairteanna chuig an dochtúir ginearálta nó chuig an ospidéal.
  • Faoin Acht Meabhairshláinte 2001, tá sé de cheart agat cúram mheabhairshláinte ardchaighdeáin a fháil; a bheith ar an eolas maidir le do chóir leighis; go gcuirfear do leas san áireamh; agus go caitear leat le meas agus le dínit.
  • Children in Hospital Ireland – Tuilleadh eolais maidir leis an ospidéal.
  • Stepping up– Cuireann Stepping Up eolas ar fáil le haghaidh daoine óga a bhfuil breoiteacht fhadtéarmach orthu maidir le bogadh ar aghaidh chuig seirbhísí cúraim sláinte d’aosaigh.
  • Jigsaw – Oibríonn Jigsaw i réimse an mheabhairshláinte do dhaoine óga. Tuilleadh eolais anseo maidir le gníomhaíochtaí agus seirbhísí Jigsaw.
  • Barnardos– Tá eolas ar fáil ó Barnardos do dhaoine óga maidir lena bhfolláine a chosaint
  • Safe Food– Féach ar phirimid an bhia chun tuilleadh eolais a fháil ó Biaslán maidir le bia folláin a ithe.
  • An Bhratach do Scoileanna Gníomhacha – Tuilleadh eolais maidir le tionscadal na mBrataí do Scoileanna Gníomhacha.
  • Join the Dots
  • Take My Hand