Skip to main content

Tá tú anseo:  

Cosaint ar obair a dhéanann díobháil duit

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat a bheith cosanta ar obair a dhéanann dochar duit.

Má tá tú faoi bhun 18 mbliana d’aois, ba chóir duit díriú ar do chuid oideachais agus ba chóir duit a bheith cosanta ó phoist nach bhfuil sábháilte nó atá dochrach do do shláinte agus dod’oideachas.

SAMPLA: Tá dlíthe in Éirinn, ina luaitear nach féidir leat oibriú go dtí go bhfuil tú 14 bliana d’aois agus nach féidir leat ach obair a dhéanamh i bpoist áirithe, ar feadh méid áirithe uaireanta.

Faigh tuilleadh eolais!

  • UNCRC, article 32:Tá sé de cheart agat go gcosnaítear tú ar obair a dhéanann dochar duit agus atá dochrach do do shláinte agus dod’oideachas. Má oibríonn tú, tá sé de cheart agat a bheith sábháilte agus go n-íoctar go cothrom leat.
  • Leis an Acht um Chosaint Daoine Óga 1996, leagtar amach na cearta agus na teidlíochtaí go léir a chosnaíonn daoine óga agus a bhíonn siad ag obair in Éirinn. Tá sé de cheart agat oibriú i dtimpeallacht shábháilte agus gan obair a dhéanamh atá dochrach do do shláinte nó a chuireann isteach ar do chuid oideachais.
  • Tá sé de cheart agat go n-íoctar go cóir leat as an obair a dhéanann tú. Má tá tú 14 nó 15 bliana, ní cheadaítear duit de réir an dlí oibriú níos mó ná 8 n-uaire sa tseachtain i rith an téarma agus 35 uair sa tseachtain le linn laethanta saoire.
  • Tá sé de cheart agat sosanna a ghlacadh agus tú ag obair. Athraíonn siad seo de réir d’aoise: mar shampla, má tá tú faoi 16 bliana d’aois, ba chóir duit 30 nóiméad a fháil tar éis 4 uair an chloig d’obair.