You are here:
Gearáin
Glacaimid le gearáin faoi sheirbhísí poiblí leanaí in Éirinn. Tá ár seirbhís saor in aisce agus neamhspleách. Mar sin féin, ba cheart duit dul díreach chuig an tseirbhís phoiblí a bhfuil fadhb agat léi ar dtús. Mura bhfuil tú sásta lena bhfreagra, is féidir leat teacht chugainn.
Cé atá in ann gearán a dhéanamh?
Is féidir le haon duine gearán a dhéanamh linn faoi sheirbhísí poiblí leanaí in Éirinn, lena n-áirítear leanbh.

Aon duine faoi bhun
18 mbliana d’aois

Tuismitheoirí

Teaghlach
Sínte

Gairmithe a oibríonn
le leanaí
Cad faoi is féidir liom gearán a dhéanamh?
Leagtar amach in Acht an Ombudsman do Leanaí, 2002 an creat dár gcuid oibre ar ghearáin. Faoin dlí seo, soláthraímid seirbhís gearán saor in aisce agus neamhchlaonta. Is é an ról atá againn féachaint an raibh drochthionchar ag gníomhaíochtaí riaracháin comhlachta phoiblí ar leanbh nó ar leanaí. Is é sin le rá go bhfuil sé mar aidhm againn a fháil amach an bhfuil riarachán comhlachta phoiblí éifeachtach nó ar tharla drochriarachán.
Scoileanna
Ospidéil
Ranna
Rialtais
Roinnt comhlachtaí poiblí
atá maoinithe ag an stát
Cad faoi nach féidir liom gearán a dhéanamh?
Is é an ról atá againn féachaint an raibh drochthionchar ag gníomhaíochtaí riaracháin comhlachta phoiblí ar leanbh nó ar leanaí. Mar sin féin, tá roinnt saincheisteanna ann nach féidir linn a scrúdú.
Fostaíocht
Clárú, fionraí nó díbirt

Liúntas leasa shóisialaigh

Saincheisteanna imirce

Breithiúnas cliniciúil

Na chéad chéimeanna eile
Ár bpróiseas gearán
Foghlaim faoin gcaoi a n-oibríonn ár bpróiseas gearán. Cad atá le déanamh sula ndéantar gearán, conas gearán a chur isteach agus cad a tharlaíonn ina dhiaidh sin?
Foirm ghearáin ar líne
Is féidir leat do ghearán a chur isteach go díreach ar ár suíomh gréasáin trínár bhfoirm ghearáin ar líne a líonadh isteach. Tabharfaimid treoir céim ar chéim duit tríd an bpróiseas.
An fhoirm ghearáin i dteangacha eile
Is féidir leat gearán a dhéanamh leis an OCO faoi sheirbhísí poiblí leanaí in Éirinn i dteangacha seachas an Béarla nó an Ghaeilge.
Gearáin in uimhreacha
Féach siar ar staitisticí gearán an OCO le cúig bliana anuas.