Skip to main content

Tá tú anseo:  

Deis cainte

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat do thuairimí a chur in iúl agus go gcuirtear san áireamh na tuairimí sin nuair atá cinntí á ndéanamh a théann i bhfeidhm ort.

N chiallaíonn an ceart seo go gcaithfidh daoine fásta an rud a deir tusa a dhéanamh i gcónaí, ach tá i gceist gur cheart dóibh do thuairimí a lorg agus breithniú a dhéanamh ar na tuairimí sin mar is tábhachtach é sin a dhéanamh.

SAMPLA: Tá sé luaite i mBunreacht na hÉireann anois go gcaithfidh breithimh éisteacht le guth leanaí i gcásanna áirithe, amhail nuair atá colscaradh á fhail ag tuismitheoirí.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo

  • CNACL, Airteagal 12 – tá sé de cheart agat deis cainte a bheith agat maidir le rudaí a bhaineann leat, agus ba chóir do dhaoine fásta stór a chur sa mhéid atá le rá agat.
  • Faoi Airteagal 42A de Bhunreacht na hÉireann, tá sé de cheart agat go n-éisteann na cúirteanna le do thuairimí agus go ndéantar breithniú ar na tuairimí sin i gcásanna dlí teaghlaigh agus i gcásanna cúraim.
  • Faoi airteagail éagsúla de Bhunreacht na hÉireann, tá sé de cheart agat, más saoránach Éireannach tú, vóta a chaitheamh i dtoghcháin ag 18 mbliana d’aois.
  • Faoin Acht Oideachais 1998, tá sé de cheart agat Comhairle Mac Léinn a bhunú sa mheánscoil agus tacaíocht a fháil ón scoil é sin a dhéanamh.
  • Faoin Acht um Chúram Leanaí, 1991 agus an tAcht um Thús Áite do Leanaí, 2015, tá sé de cheart agat go gcuirfear do mhianta san áireamh agus cinntí á ndéanamh a bhaineann le do chúram.