Skip to main content

Tá tú anseo:  

Á caitheamh go cothrom leat sa dlí

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat go ndéileálfaidh an dlí leat go cothrom.

Má stopann Garda tú, tá sé de cheart agat a fháil amach cén fáth.

SAMPLA: In Éirinn, déantar iarrachtaí chun leanaí a choinneáil amach as ionaid choinneála. Tá cláir atreoraithe á reáchtáil ag na Gardaí chun cabhrú le leanaí a choinneáil slán ó thrioblóid leis an dlí.

Faigh tuilleadh eolais!

  • UNCRC, article 40Tá sé de cheart agat  tacaíocht dhlíthiúil a bheith agat má theastaíonn sé uait agus go gcaithfidh an dlí leat go cothrom.
  • UNCRC, article 37: Tá sé de cheart agat gan pionós a ghearradh ort ar bhealach cruálach nó dochrach. Tá sé de cheart agat a bheith saor ó chéasadh.
  • Faoi Airteagal 40 de Bhunreacht na hÉireann, tá sé de cheart agat go ndéileálfar sa tslí chéanna le gach duine eile sa dlí.
  • Faoi Acht na Leanaí 2001, tá sé de cheart agat nach gcuireann Gardaí agallamh ort ná go n-iarrfaidh ort ráiteas scríofa a thabhairt, mura bhfuil do thuismitheoir / chaomhnóir nó do dhuine fásta eile sa seomra céanna leatsa.
  • Faoin Acht um Chionta in aghaidh an Stáit 1939, má ghabhtar tú, tá sé de cheart agat a fháil amach an fáth a ngabhtar tú.
  • In Éirinn, is é 12 bhliain d’aois aois na freagrachta coiriúla. Ciallaíonn sé seo nach féidir leanbh faoi bhun 12 bliana d’aois a chúiseamh i gcion.
  • Mar sin féin, i gcás cineálacha áirithe coireachta an-tromchúisí (mar shampla dúnmharú), is féidir leanaí de 10 agus 11 bliana d’aois a chúiseamh.
  • Go luath in 2016, mhol Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh gur chóir d’Éirinn aois na freagrachta coiriúla a mhéadú ó 12 go 14 bliana d’aois.
  • Má chiontaítear duine óg atá faoi bhun 18 mbliana d’aois i gcion, d’fhéadfaidís fíneáil a fháil, nó bheith curtha ar promhadh nó, más cion tromchúiseach atá ann, seoltar chuig ionad coinneála é.
  • I mí an Mhárta 2017, d’fhógair an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Katherine Zappone nach seolfaí leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois a rinne coireanna chuig príosúin aosach a thuilleadh, agus ina ionad sin, seolfar iad chuig Campas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh .
  • Is féidir leis na gardaí duine óg a chuardach gan a dtoiliú ná gan toiliú a dtuismitheora / caomhnóra má tá cúis mhaith ag na gardaí go bhfuil cion déanta ag an duine óg.
  • Tá sé mar aidhm ag Tionscadail Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána cabhrú le daoine óga a bhfuil baint acu sa choireacht, iad a atreorú agus iad a mhealladh i dtionscadal sa tsúil nach ndéanfaidís athchion. Tá 105 tionscadal agus 10 dtionscadal ar bun faoi láthair le linn 2019 le béim.
  • An tSeirbhís Chúirteanna – Tá eolas ag an tSeirbhís Chúirteanna ar conas a oibríonn na cúirteanna in Éirinn agus féadtar cuairt a thabhairt ar chúirt le do rang.
  • Know Your Rights – Faigh amach níos mó faoi chearta leanaí agus na gardaí in Know Your Rights, treoir ó Chomhairle na hÉireann um Shaoirsí Sibhialta agus ón gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí.
  • Children of Prisoners Europe– Éist le leanaí a bhfuil a dtuismitheoirí i bpríosún agus iad ag caint faoina n-eispéiris i bhfíseán gearr le Children of Prisoners Europe.
  • Spunout – Faigh amach tuilleadh faoi do chearta má stopann na Gardaí tú.