Skip to main content

Tá tú anseo:  

Áit chónaithe

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat áit chónaithe shábháilte a bheith agat.

Tá sé de chúram ar do thuismitheoir a chinntiú go gcomhlíontar do bhunriachtanais. Áirítear leis sin, go leor bia, uisce agus cúraim sláinte agus áit chónaithe shábháilte. Tá sé de chúram ar an Rialtais cabhrú le do theaghlach é sin a dhéanamh.

SAMPLA: I gcás daoine nach acmhainn dóibh a dteach féin, is féidir iarratas a dhéanamh ar d’údarás áitiúil chun tithíocht shóisialta a fháil. Tá liosta fada daoine ag fanacht le haghaidh tí shóisialta.

Tuilleadh eolais!

  • Ní luaitear ceart sonrach chun tithíochta i ndlí na hÉireann. Má tá tú gan dídean, ba chóir don Rialtas tú a chur i gcóiríocht éigeandála.
  • Tá roinnt daoine buartha faoi na héifeachtaí a bhaineann le maireachtáil i gcóiríocht éigeandála ar shaol leanaí, a meabhairshláinte agus ar a n-oideachas san áireamh.
  • Tá na Náisiúin Aontaithe tar éis a rá le hÉirinn gur chóir breithniú a dhéanamh ar thithíocht a bheith ina ceart ag daoine.
  • Faoi Acht na dTithe 1966-2004, tá sé de cheart ag daoine iarratas a dhéanamh ar chúnamh tithíochta sóisialta má chomhlíonann siad na coinníollacha iomchuí.