Skip to main content

Tá tú anseo:  

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá do cheart chun bia nasctha le do cheart a bheith beo agus go bhfreastalófaí ar do riachtanais bhunúsacha. Ba chóir go mbeadh uisce óil sábháilte, bia cothaitheach, an cúram sláinte is fearr agus is féidir, timpeallacht ghlan agus shábháilte agat, chomh maith le heolas chun cuidiú leat fanacht slán.

Tá go leor clár agus feachtas ag an Rialtas chun tú a spreagadh chun bia folláin a ithe, amhail www.healthyireland.ie

SAMPLA: I scoileanna áirithe, bíonn clubanna bricfeasta agus béilí teo ann a chabhraíonn leat bia folláin a ithe.

Tuilleadh eolais!

  • Article 24 of the UNCRC  “Tá sé de cheart agat na nithe seo a fháil: an cúram sláinte is fearr agus is féidir, uisce óil sábháilte, bia cothaitheach, timpeallacht ghlan agus shábháilte, agus eolas chun cuidiú leat fanacht slán.”
  • Article 27 of the UNCRC “Tá sé de cheart agat bia, éadaí agus áit shábháilte chónaithe a bheith agat agus go bhfreastalófaí ar do riachtanais bhunúsacha. Níor chóir go mbeifeá faoi mhíbhuntáiste sa chaoi is nach bhféadfá a lán rudaí a dhéanamh a dhéanann leanaí eile.”
  • Faoin Achta Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005, tá sé de cheart ag an gcuid is mó de thuismitheoirí íocaíocht Sochair Linbh a fháil in aghaidh an linbh Ceaptar an íocaíocht seo chun a chinntiú go gcomhlíontar do riachtanais bhunúsacha.
  • Ní luaitear ceart sonrach chun bia i ndlí na hÉireann.