Skip to main content

Tá tú anseo:  

Do chuid buanna agus cumais a fhorbairt

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Baineann an ceart seo leis an gcineál oideachais ar chóir duit a fháil.

Tá sé de cheart agat go bhfuil do chuid oideachais cothrom – ní hamháin go mbaineann sé le hábhair acadúla cosúil le matamaitic agus scríbhneoireacht, ach baineann sé freisin le drámaíocht, spórt agus le ceol agus le foghlaim chun meas a bheith agat ar an gcomhshaol agus ar a chéile.

SAMPLA: I rith na hidirbhliana, is iondúil go mbaineann tú triail as go leor gníomhaíochtaí éagsúla cosúil le drámaíocht, díospóireacht, teanga nua a fhoghlaim nó féinchosaint.

Faigh tuilleadh eolais!

  • Article 29 of the UNCRC says go bhfuil sé de cheart agat go“ gcuidíonn d’oideachas leat do chuid buanna agus cumas a úsáid agus a fhorbairt. Ba chóir go gcuideodh sé leat foghlaim conas maireachtáil go síochánta, conas an comhshaol a chosaint agus meas a bheith agat ar dhaoine. “
  • Faoin Acht Oideachais 1998, bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM). Scríobhann an CNCM na scrúduithe do na hábhair a dhéantar i scoileanna agus déanann siad iarracht é a dhéanamh chomh cuimsitheach agus éagsúil agus is féidir.
  • Níl aidhmeanna an oideachais in Éirinn scríofa sa dlí. Tá dearcadh iomlánaíoch ag an Roinn Oideachais in Éirinn ar an bhfoghlaim i scoileanna – ciallaíonn sé seo gur chóir go mbeadh an fhoghlaim cothrom agus dírithe ar an leanbh mar fhoghlaimeoir.
  • an fholláine i scoileanna tábhachtach don Rialtas. Leagann sé béim ar an ngá atá le leanaí agus le daoine óga raon leathan scileanna, inniúlachtaí agus luachanna a fhorbairt d’fhonn saoránacht ghníomhach, foghlaim ar feadh an tsaoil agus folláine phearsanta a éascú.