Skip to main content

You are here:  

Achmhainní Seomra Ranga

Tá réimse acmhainní forbartha againn d’oideachasóirí, d’oibrithe óige agus do ghairmithe eile atá ag obair le leanaí, ionas gur féidir leat ceisteanna a bhaineann le cearta leanaí in Éirinn a fhiosrú leis na daoine óga a n-oibríonn tú leo.

Tá ár n-ábhar aoisoiriúnach agus is féidir iad a oiriúnú do leanaí idir 4-17 mbliana d’aois. Tá ár n-acmhainní ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge agus is furasta iad a íoslódáil.

Cearta Leanaí a Fhíorú

Chun comóradh 25 bliain ó dhaingnigh Éire an CNACL a cheiliúradh, d’fhorbair an OCO sraith acmhainní oideachais do mhúinteoirí agus d’oideachasóirí chun tacú le leanaí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna foghlaim faoina gcearta faoin CNACL. Cuidíonn Cearta Leanaí a Fhíorú le leanaí naisc a chruthú idir a gcearta agus a saol laethúil, lena n-áirítear fócas tábhachtach ar conas is féidir le leanaí gníomh a chur i bhfeidhm ar son chearta leanaí.

Ábhair

Ábhair Tacaíochta do Mhúinteoirí Naíonáin Shóisearacha agus Shinsearacha:

Ábhair Tacaíochta do gach Múinteoir

Coimeádaí na gCeart

Is leabhar é Coimeádaí na gCeart a scríobh leanaí, do leanaí chun comóradh 20 bliain an OCO a cheiliúradh. Is leanaí idir 6-12 bhliain d’aois as Contae Shligigh a chruthaigh Coimeádaí na gCeart i gcomhar le Foilsitheoireacht Kids’ Own. Beidh an leabhar ar fáil i mbunscoileanna ar fud na hÉireann agus beidh leagan closleabhair ar fáil freisin. Beidh an leabhar agus an closleabhar araon ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge. Cuimsíonn an closleabhar réamhrá ón réalta Matilda Alisha Weir.

Le Coimeádaí na gCeart bíonn leanaí ag plé Oifig an Ombudsman do Leanaí agus an méid a dhéanaimid. Labhraíonn siad faoi chearta leanaí agus faoi na cinn is tábhachtaí dóibh. Chuir leanaí agallamh freisin ar an Ombudsman do Leanaí, an Dr Niall Muldoon, faoina phost. Cuimsíonn an leabhar freisin gníomhaíochtaí do mhúinteoirí le cur i gcrích lena ndaltaí in éineacht leis an leabhar. Cruthaíodh na hacmhainní le múinteoirí.

Más mian leat cóip den leabhar a sheoladh chuig do scoil, nó más mian leat go gcuirfí ar an eolas thú nuair a bheidh an closleabhar ar fáil, seol ríomhphost chuig communications@oco.ie le bheith curtha leis an liosta seoltaí.

Leabhar ar líne

Leagan Béarla

The Keeper of Rights

Leagan Gaeilge

Coimeádaí na gCeart

Closleabhar

Leagan Béarla

Leagan Gaeilge

Achtaigh Do Chearta

Ina theannta sin, chomhoibrigh an OCO le hAmharclann na Mainistreach chun an acmhainn ar líne Achtaigh do Chearta a fhorbairt. Cuireann an acmhainn seo bealach uathúil cruthaitheach ar fáil d’oideachasóirí chun tús a chur le comhráite cearta le daltaí bunscoile ó rang 4-6. Cuimsíonn sé sraith gníomhaíochtaí dráma-bhunaithe chun daltaí a chur ar an eolas faoin CNACL agus chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a léirítear cearta ina saol féin agus i saol leanaí eile atá ina gcónaí in Éirinn.