Skip to main content

Tá tú anseo:

Beartas um Ghníomhartha Míréasúnta an OOL

Creideann an OOL go bhfuil an ceart ag gach ball den phobal a dhéanann teagmháil linn go n-éistfear leo, go dtuigfear iad agus go léireofar meas orthu. Oibrímid go dian le bheith oscailte agus inrochtana. Nuair a dhéileáltar leis an bpobal, iarraimid ar ár bhfoireann na cúiseanna a bhíonn lenár gcinntí agus an fáth, sa chás gurb iomchuí, nach réasúnta argóint nó rogha toraidh gearánaí, a chur in iúl go soiléir.

Tá orainn ár bhfoireann a chosaint mar is ceart agus níl súil againn leis go dtabharfar faoi iompar ina leith atá drochídeach, maslach nó bagrach, nó a dhéanann éileamh míréasúnta ar ár n-obair.