You are here:
Cad iad do chearta?
Is é atá i gceist le Cainteanna Leanaí ár n-imeacht bliantúil a reáchtáiltear gach mí na Samhna chun Lá Domhanda na Leanaí a cheiliúradh. Ó 2018 ar aghaidh, cloiseann Cainteanna Leanaí go díreach ó leanaí agus ó dhaoine óga faoi na saincheisteanna atá tábhachtach dóibh.
Is gnách go mbíonn cúigear cainteoir faoi 18 mbliana d’aois i gceist le Cainteanna Leanaí a thugann cainteanna cúig nóiméad ar an ábhar a roghnaíonn siad ar an stáitse, os comhair lucht féachana beo de leanaí scoile. Déantar an imeacht a shruthú beo ar shuíomh gréasáin an OCO freisin. Ní gá go mbeadh aon taithí cainte poiblí agat chun páirt a ghlacadh i gCainteanna Leanaí. Níl uait ach smaoineamh ar thopaic ar mhaith leat labhairt faoi agus conas a chuaigh sé i bhfeidhm ar do shaol. Tacaíonn cóitseálaí scéalaíochta agus meantóir lenár gcainteoirí go léir trí cheardlanna pearsanta agus ar líne chun cabhrú leo ullmhú don imeacht. Ó 2018 i leith, labhair ár gcainteoirí faoi réimse leathan saincheisteanna éagsúla, lena n-áirítear meabhairshláinte, bheith LADTI+ in Éirinn, fás aníos in Éirinn mar dhuine de Lucht Siúil óg, bochtaineacht míostraithe, uathachas, easpa dídine, Soláthar Díreach, saol le scolóis, inrochtaineacht, iompar tuaithe agus vápáil.
Roghnú:
Déantar glao amach ar ár meáin shóisialta thart ar mhí na Bealtaine chun go bhféadfaidh leanaí agus daoine óga iarratas a dhéanamh ar ár suíomh gréasáin chun páirt a ghlacadh i gCainteanna Leanaí. Tagann an OCO in éineacht le cóitseálaí scéalaíochta agus meantóir Julien Clancy ó Dublin Storyslam, chomh maith le breitheamh neamhspleách, le chéile chun na cainteoirí a roghnú gach bliain. Roghnaítear cainteoirí bunaithe ar:
Topaic:
- Saincheisteanna atá nasctha go díreach le cearta leanaí agus le cumas linbh taitneamh a bhaint as a gcearta.
- Saincheisteanna ábhartha, tráthúla a bhfuil tionchar acu ar leanaí faoi láthair (bunaithe ar cheisteanna sa nuacht, saincheisteanna atá á n-ardú ag an Rialtas, tuarascálacha OCO).
- Ábhair nua nár léiríodh i gCainteanna Leanaí roimhe seo nó nach raibh le feiceáil le tamall anuas.
- Meascán de cheisteanna tromchúiseacha/trom agus scéalta spreagúla.
Suíomh, aois, inscne:
- Léiriú maith ar áiteanna éagsúla ar fud na tíre
- Meascán cothrom inscne
- Ní mór d’iarratasóirí a bheith 12 bliana d’aois agus níos sine, agus suas le 17 mbliana d’aois, nuair a dhéanann siad iarratas ar pháirt a ghlacadh.
Iarratas nó cuireadh:
- Roghnaítear cainteoirí trí ghlaoch oscailte agus tugtar cuireadh dóibh ár bhfoirm iarratais a chomhlánú.
- Ní mór toiliú na gcainteoirí agus a dtuismitheoir/caomhnóir páirt a ghlacadh i gCainteanna Leanaí a fháil sula bhféadfaidh an duine óg páirt a ghlacadh.
Applications for Child Talks 2026 are now closed.
Child Talks 2025

Imeacht bliantúil ó Oifig an Ombudsman do Leanaí is ea Cainteanna Leanaí chun Lá Domhanda na Leanaí a chomóradh ina gcloistear ó leanaí agus daoine óga go díreach faoi na saincheisteanna atá tábhachtach dóibh. I mbliana craoladh beo ón Helix i mBaile Átha Cliath arís.
Tugann Cainteanna Leanaí ardán do dhaoine óga a dtuairimí agus a n-eispéireis a roinnt ar cheisteanna atá tábhachtach dóibh. I measc na n-ábhar i mbliana tá géarchéim na tithíochta agus na heaspa dídine, cailíní i ETIM, an gá atá le spásanna poiblí do dhéagóirí le bailiú, méadú ar antoisceachas agus mífhaisnéis, do ghuth a aimsiú agus conas a thacaíonn seirbhísí óige le daoine óga.
Child Talks 2024


Imeacht bliantúil ó Oifig an Ombudsman do Leanaí is ea Cainteanna Leanaí chun Lá Domhanda na Leanaí a chomóradh ina gcloistear ó leanaí agus daoine óga go díreach faoi na saincheisteanna atá tábhachtach dóibh. I mbliana craoladh beo ón Helix i mBaile Átha Cliath arís.
Anois ina seachtú bliain, tugann Cainteanna Leanaí ardán do leanaí a dtuairimí agus a n-eispéiris a roinnt ar shaincheisteanna atá tábhachtach dóibh. Is é téama imeachta na bliana ná ‘Tosaíonn Amárach Linn’ le hábhair ar nós teaghlaigh aontuismitheora, cúramóirí óga, ag fás aníos mar leanbh néara-éagsúil faoin tuath in Éirinn, cailíní sa spórt, agus eispéiris duine óg de dhath.
Faigh tuilleadh eolais agus féach ar fhíseáin de Chainteanna Leanaí 2024 anseo
Child Talks 2023

Craoladh imeacht Cainteanna Leanaí 2023 beo ón Helix i mBaile Átha Cliath!
B’é ár dtéama in 2023 ná ‘An Éire ar mhaith liom cónaí inti…’ le hábhair ar nós meabhairshláinte, a bheith LADTI+ in Éirinn, vápáil, néaréagsúlacht i scoileanna, agus rochtain ar ábhair ETIM do chailíní.
Child Talks 2022

Imeacht bliantúil ó Oifig an Ombudsman do Leanaí is ea Cainteanna Leanaí chun Lá Domhanda na Leanaí a chomóradh ina gcloistear ó leanaí agus daoine óga go díreach faoi na saincheisteanna atá tábhachtach dóibh. Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Chainteanna Leanaí ina cúigiú bliain, tháinig muid díreach chugat ó bhaile na Dála Éireann i dTeach Laighean!
Tugann Cainteanna Leanaí ardán do leanaí a dtuairimí agus a n-eirpéiris a roinnt ar shaincheisteanna atá tábhachtach dóibh. Arna spreagadh ag an láthair, ba é téama imeacht na bliana seo ná ‘Dá mbeinn i mo Thaoiseach ar feadh lae…’.
Labhair ár gcainteoirí idir 11 agus 17 mbliana d’aois le lucht féachana i dTeach Laighean ar réimse ábhar, lena n-áirítear easpa dídine, athchóiriú oideachais, tacaíochtaí uathachais, inrochtaineacht, iompar tuaithe, cumhachtú na mban, an Ghaeilge agus éisteacht le leanaí.
Bhí Cainteanna Leanaí 2022 ina óstach ar ár gcainteoirí dochreidte roimhe seo, Anjelica agus Dariusz.
Bhí scoileanna ar fud na tíre ag tiúnáil isteach ar líne agus bhí Scoil Chrónáin i dTeach Laighean in éineacht linn fiú.
Breathnaigh ar ár gcainteoirí agus bileoga gníomhaíochta do Chainteanna Leanaí 2022 anseo.
Child Talks 2021

I mbliana, chun Lá Domhanda na Leanaí a cheiliúradh, d’óstáil Oifig an Ombudsman do Leanaí Cainteanna Leanaí 2021, an ócáid ina dtugtar ardán do leanaí agus do dhaoine óga suas go dtí 18 mbliana d’aois labhairt faoi chearta leanaí agus na saincheisteanna atá tábhachtach dóibh.
Roghnaigh ár gcainteoirí dochreidte – Dariusz, Franny, Anjelica, Ella, Precious, Darragh, Bobby agus Molly a gcuid scéalta spreagúla ar ábhair lena n-áirítear athrú aeráide, meabhairshláinte, mearfhaisean, Soláthar Díreach, comhionannas inscne, saol le scolóis, agus sábháilteacht ar na bóithre. Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoinár gcainteoirí anseo.
Bhí Cainteanna Leanaí 2021 á óstáil ag ár gcainteoirí iontacha roimhe seo Katherine Amusan agus Oisin Putt.
Craoladh an ócáid hibrideach ón RDS, Baile Átha Cliath ar an 19 Samhain agus tá sé ar fáil le féachaint air thíos.
Child Talks 2020

Ócáid iomlán ar líne a bhí i gCainteanna Leanaí 2020. Ba é téama na hócáide ná Lá i Mo Shaol.
Roinn Katherine (16), Charlie (8), Maria (16), Afaf (13), Emer (17), Evan (18), Cuan (10) agus India (17) a gcuid scéalta spreagúla ar ábhair lena n-áirítear léiriú cultúrtha, meabhairshláinte, easpa dídine, indibhidiúlacht, aire a thabhairt dár dtimpeallacht áitiúil, maireachtáil le huathachas, agus gníomhaíochas óige.
Ba iad ár gcainteoirí iontacha Katie McKenna (19) agus Eric Ehigie (19) a d’óstáil Cainteanna Leanaí 2020.
Child Talks 2019

Bhí Cainteanna Leanaí ar siúl ag The Printworks, Caisleán Bhaile Átha Cliath ar Lá Domhanda na Leanaí, Dé Céadaoin 20 Samhain agus ba é an téama ná “Do Dhuine Féin is Fearr”. Ba í an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Katherine Zappone, a thug an t-aitheasc tosaigh.
Ba iad na cainteoirí ná, (12) as Baile Átha Cliath a labhair faoi bhuiséid phearsanta; Carly (14) ó Co. Laois a labhair faoi anás míosta; Amina (13) ó Dodoma, cuid lárnach den Tansáin san Afraic Thoir a labhair faoi na dúshláin atá le sárú aici agus í ina cailín óg; Is úsáideoir cathaoir rothaí é Oisin (17) le Spina Bifida agus lúthchleasaí a labhair faoi chothromas don phobal faoi mhíchumas; Ellen (15) as Dún na nGall a labhair faoi athrú aeráide; Ryan (15) as Dún Dealgan i gCo. Lú a labhair faoina eispéireas mar dhuine óg faoi mhíchumas; Leanne (17) as Baile Átha Cliath a labhair faoina caidreamh lena deirfiúr a bhfuil diagnóis uathachais aici; Kate (16) as Cill Mhantáin a labhair faoina neamhord crómasómach agus Eric (17) as Longfort a labhair faoin bhfáth go gcreideann sé gur cheart do níos mó daoine óga ó chúlraí éagsúla rith don toghchán.
Sheinn The Kabin Crew, grúpa rapadóirí agus amhránaithe óga le Ceardlanna GMCBeats, le tacaíocht ó Music Generation Cork City ar an lá.
Child Talks 2018

Tugadh Cainteanna Leanaí isteach den chéad uair in 2018. Bhí an ócáid ar siúl i Halla na Cathrach i mBaile Átha Cliath.
Labhair Amy (17) as Co. Shligigh faoi fhás aníos in Éirinn agus í ina duine óg Trasinscneach; Labhair Aoibheann (12) as Co. Mhaigh Eo faoin easpa leathanbhanda faoin tuath in Éirinn; Labhair Katie (17) as Cill Chainnigh faoin tábhacht a bhaineann le glacadh le difríocht agus teacht amach mar bhean óg aerach; Labhair Margaret (14) as Uíbh Fhailí faoi fhás aníos in Éirinn agus í ina Taistealaí óg; Labhair Fearghal (18) as Baile Átha Cliath faoina ghrá do na healaíona cruthaitheacha agus conas a chabhraigh sé leis éalú óna leadrán ar scoil; Mhínigh Grace (16) as Baile Átha Cliath a streachailtí mothúchánacha agus an tábhacht a bhaineann le hoideachas agus sheinn Sinead (20) as Gaillimh ar an lá.



