You are here:
Buail leis an Ombudsman
Is é an Dr Niall Muldoon an t-Ombudsman do Leanaí. Is é an jab atá ag Niall ná a chinntiú go gcaitear go cothrom le leanaí in Éirinn. Déanann sé imscrúdú ar ghearáin agus cuireann sé cearta leanaí chun cinn.
Tuilleadh faisnéis faoi Niall
Dia dhuit. Niall is ainm dom agus is mise Ombudsman na hÉireann do Leanaí. Cheap an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn mé mar Ombudsman an 17 Feabhra 2015.
Is síceolaí cliniciúil mé agus d’oibrigh mé i réimse na cosanta leanaí le beagnach 20 bliain.
Tá cónaí orm i mBaile Átha Cliath le mo bhean chéile agus mo bheirt iníonacha, agus cé gur tacadóir díograiseach CLG mé agus gur mór agam na rudaí dearfacha a bhaineann le bheith as Baile Átha Cliath, is fear Dhún na nGall mé tríd agus tríd.
Mar Ombudsman do Leanaí, ba mhaith liom go mbeadh Éire ina háit ina gcloistear gach leanbh agus duine óg agus ina léirítear meas orthu go gníomhach sa chaoi go mbeidh saol laethúil sábháilte, sásúil agus sona acu.





