You are here:
Ceardlann um Chearta a chur in Áirithe
Is iad cearta na rudaí go léir a theastaíonn uait le maireachtáil, le fás agus le forbairt le bheith ar an duine is fearr is féidir leat a bheith!
Cabhraímid le leanaí agus le daoine óga ó scoileanna agus ó ghrúpaí óige ar fud na hÉireann tuiscint níos fearr a fháil ar a gcearta faoin CNACL agus ar an gcaoi a n-oibríonn an OCO chun iad a chosaint. Éistimid lena bhfuil le rá acu. Déanaimid cearta a fhíorú trí chearta leanaí a nascadh lena saol laethúil. Déanaimid iniúchadh ar na rudaí is féidir a dhéanamh in Éirinn lena chinntiú go mbaineann gach leanbh taitneamh as a gcearta.
Tá ár gceardlanna uile aoisoiriúnach, idirghníomhach agus spraíúil.
Chun ceardlann a chur in áirithe, tabhair cuairt ar ár bhfoirm áirithinte ceardlainne ar líne.
Molaimid duit ár gCeisteanna Coitianta thíos a léamh roimh áirithint a dhéanamh.
Cúnamh taistil do cheardlanna
Má tá tú ag tabhairt cuairte ar oifigí an OCO ó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, is féidir linn do chostais taistil a aisíoc suas go dtí €650. Tar éis an cheardlann a bheith ar siúl, gheobhaidh tú foirm trí ríomhphost, áit ar féidir leat do chuid sonraí a líonadh isteach agus do fáltais a chur isteach. Déanfaidh ár bhfoireann airgeadais d’aisíocaíocht a phróiseáil ansin.
CCanna
Cé atá in ann ceardlann a chur in áirithe?

Is féidir le múinteoirí bunscoile agus meánscoile, Comhordaitheoirí Idirbhliana, múinteoirí OSSP/Polaitíocht & Sochaí, Comhordaitheoirí Chomhairle na nDaltaí, oibrithe óige agus daoine óga ceardlann a chur in áirithe trí chuairt a thabhairt ar ár bhfoirm áirithinte ceardlainne ar líne.
Cá mbíonn ceardlanna ar siúl?

Bíonn ceardlanna ar siúl ag ár n-oifigí a thacaíonn le leanaí, lonnaithe ag 52 Sráid na Trá Mór, An Chathair Thuaidh, Baile Átha Cliath. Is spás spraíúil agus inrochtana é ár n-oifig. Tá rochtain ardaitheora agus spás do chathaoireacha rothaí. Tá seomra céadfach lántrealmhaithe againn do dhaoine óga a bhféadfadh sé a bheith ag teastáil uathu.
Seiceáil ár scéal sóisialta (PDF) más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi na rudaí a mbeifeá ag súil leis!
Cathain a mbíonn ceardlanna ar siúl?

Bíonn ceardlanna ar siúl maidin Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Dé Déardaoin ag 10:30rn.
Cá fhad a mhaireann ceardlanna?

Maireann ceardlanna ar feadh 90 nóiméad.
An bhfuil aon chostas i gceist?

Níl aon chostas i gceist. Tá ár gceardlanna saor in aisce agus má tá tú ag taisteal ó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, is féidir linn aisíocaíocht a thabhairt duit as do chostais taistil.
Cé mhéad áirithintí is féidir liom a dhéanamh?

Ní féidir linn ach dhá áirithint a dhéanamh in aghaidh na scoile i ngach bliain acadúil. Déantar é seo lena chinntiú go mbeidh deis ag an oiread scoileanna agus is féidir páirt a ghlacadh.
>Cé mhéad leanbh is féidir leo freastal?

Is é 30 an t-uaslíon dalta in aghaidh na ceardlainne, mar gheall ar mhéid ár spáis.
Tá mé ag taisteal ó níos faide agus ba mhaith liom tús a chur le mo cheardlann beagán níos déanaí. Cad a dhéanaim?

Tar éis duit do cheardlann a chur in áirithe ag baint úsáide as an bhfoirm áirithinte ceardlainne ar líne, seol ríomhphost chuig education@oco.ie chun athrú ama a iarraidh.
An bfhuil níos mó ceist agat fós?

Seol ríomhphost chuig an bhFoireann Oideachais Rannpháirtíochta agus Cearta ag education@oco.ie.



