Skip to main content

You are here:  

Painéal Comhairleach don Óige

Tá éisteacht le guthanna daoine óga ríthábhachtach dár gcuid oibre chun cearta leanaí a chur chun cinn in Éirinn. Ar an gcúis seo, chruthaigh muid Painéal Comhairleach don Óige OCO, ar a dtugtar an YAP freisin.

Tá an YAP OCO comhdhéanta de dhaoine óga idir 13-17 mbliana d’aois ó ar fud na hÉireann a roinneann a gcuid léargais ar shaincheisteanna cearta leanaí a bhíonn acu gach lá.

Tugann an YAP comhairle dúinn ar bhonn leanúnach faoi ábhair imní atá ag teacht chun cinn do dhaoine óga agus trínár gcuid oibre rannpháirtíochta, oibrímid le chéile chun a dtuairimí a thabhairt do dhaoine a dhéanann cinntí a théann i bhfeidhm orthu.

In 2025, scríobh an YAP a Forógra Óige féin don Rialtas nua, d’fhorbair siad feachtas faoi stiúir na hóige timpeallar fhóin chliste i scoileanna, tháinig siad os comhair Choiste an Oireachtais ar IS agus thaistil siad go dtí an Bhruiséil chun labhairt go díreach le FPE.

Tá ról tábhachtach ag an YAP freisin maidir le hobair an OCO a chur ar an eolas. Cuireann siad ionchur ar fáil inár mbeartais, tionscadail agus cumarsáid, ag cinntiú go bhfuil guthanna na bpáistí i gcroílár gach a ndéanaimid.

Má tá aon cheist nó ceisteanna agat faoinár YAP, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig education@oco.ie. Faoi láthair, nílimid ag glacadh le comhaltaí nua YAP.  Tá súil againn tosú ag earcú arís go déanach in 2026.