You are here:
Cad iad do chearta?
Is iad is cearta ann na rudaí go léir a theastaíonn uait chun cónaí, fás agus forbairt le bheith ar an duine is fearr is féidir!
Coinníonn cearta tú sábháilte agus cabhraíonn siad leat do barr do chumais a bhaint amach.
Cinntíonn siad go gcaitear go cothrom leat agus go dtugtar aire cheart duit.
Cabhraíonn siad leat labhairt faoi rudaí atá tábhachtach duit.
Tá cearta ag gach leanbh faoi bhun 18 mbliana d’aois, is cuma cé thú féin. Ní gá duit aon rud a dhéanamh chun cearta a fháil, agus ní féidir iad a bhaint díot. Is é cúram an OCO a chinntiú go bhfuil do chearta ar eolas agat agus is é cúram an Rialtais a chinntiú gur féidir leat iad a chur i bhfeidhm.
Mura bhfuil do chearta á bhfáil agat, ba cheart duit é sin a chur in iúl do do thuismitheoir(í), do chaomhnóir(í) nó do dhuine fásta iontaofa eile. Tá post tábhachtach ag an OCO freisin chun do chearta a chosaint má tá fadhb ann. Is féidir linn gearáin a dhéanamh i gcoinne seirbhísí poiblí (amhail scoileanna, ospidéil agus seirbhísí sóisialta) i gcás inar chaith siad go héagórach le leanaí.
Mura bhfuil seirbhís phoiblí ag cosaint do chearta, agus mura raibh tú féin agus duine fásta iontaofa in ann an fhadhb a réiteach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann gearán féachaint an féidir leo cabhrú leat.
An raibh a fhios agat go bhfuil sé de cheart agat eolas a bheith agat ar gach ceann acu?
Nuair atá do chearta ar eolas agat, is féidir leat a chinntiú go bhfuil do chearta á n-urramú agus go n-urramaíonn tusa cearta leanaí eile freisin!
Cé mhéad ceart atá agat, dar leat?
Tá 42 cheart éagsúla ag leanaí.
Tagann siad go léir ó Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.
