You are here:
Ráiteas Fianáin
Ár Ról
Is comhlacht reachtúil neamhspleách í Oifig an Ombudsman do Leanaí (OCO), a bunaíodh sa bhliain 2004 faoin Acht um Ombudsman do Leanaí, 2002. Faoin Acht 2002 (arna leasú), tá dhá phríomhfheidhm reachtúla ag an Ombudsman do Leanaí:
- gearáin a scrúdú agus a fhiosrú a dhéanann leanaí nó a dhéantar thar a gceann, a bhaineann le gníomhartha riaracháin, nó le neamhghníomhartha, de chuid comhlachtaí poiblí
- cearta agus leas leanaí suas go dtí 18 mbliana d’aois a chur chun cinn.
Cuspóir Ráiteas Fianáin OCO
Leagtar amach sa ráiteas fianáin seo an chaoi a n-úsáideann an OCO fianáin agus uirlisí comhchosúla ar ár suíomh gréasáin, an méid a úsáidimid dóibh agus an chaoi a ndéanaimid do chuid sonraí a chosaint agus a roinnt.
Eolas faoi Oifig an Ombudsman do Leanaí mar Rialaitheoir Sonraí
Is é an OCO an Rialaitheoir Sonraí le haghaidh sonraí pearsanta a bhailíonn na fianáin ar an suíomh gréasáin seo. Is í ár uimhir chlárúcháin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí ná 7901/A. Bain úsáid as an foirm Déan Teagmhail Linn ag bun ár leathanaigh suímh gréasáin le haghaidh aon cheisteanna cosanta sonraí atá agat.
Cad iad fianáin?
s comhaid bheaga iad fianáin a chruthaítear agus a shábháltar ar do ghuthán, ar do tháibléad nó ar do ríomhaire nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin. Is féidir leis an téarma fianáin tagairt a dhéanamh d’fhianáin atá socraithe i do bhrabhsálaí gréasáin (m.sh. Chrome, Safari, Edge, Firefox nó Brave) chomh maith le roinnt teicneolaíochtaí comhchosúla lena n-áirítear picteilíní/beacúin gréasáin a rianú, réada comhroinnte áitiúla/fianáin flash agus rochtain ar fhaisnéis gléas. Féach an chéad chuid eile le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcineál fianán a úsáideann an suíomh gréasáin seo.
Stórálann fianáin faisnéis faoin gcaoi a n-úsáideann tú an suíomh gréasáin, mar na leathanaigh a dtugann tú cuairt orthu ar ár suíomh gréasáin agus an chaoi a n-idirghníomhaíonn tú leis an ábhar ar chuid de na leathanaigh sin. Má úsáideann tú na cnaipí meán sóisialta ar ár suíomh gréasáin agus má cheadaíonn tú na fianáin ó na cuideachtaí ar leo na hardáin seo, baileoidh siad faisnéis fút. Tá faisnéis bhreise ar fail thíos.
Ní víris nó cláir ríomhaire iad fianáin. Tá siad an-bheag mar sin ná tógann siad mórán spáis.
Cad a úsáideann an OCO fianáin le haghaidh
Úsáideann an OCO fianáin chun na críche seo a leanas:
- Feidhmiúlacht lárnach a chumasú amhail nascleanúint leathanaigh, slándáil agus stádas logáilte isteach (riachtanach go docht)
- Tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn cuairteoirí leis an ábhar (anailísíocht)
- An Suíomh Gréasáin a fheabhsú trína chinntiú go bhfuil an Suíomh Gréasáin ag feidhmiú i gceart (fianáin feidhmíochta)
- Gabh roghanna na gcuairteoirí ar an Suíomh Gréasáin, suirbhéanna a reáchtáil agus ligean duit féachaint ar fhíseán (fianáin fheidhmiúla)
- Déan rianú ar an gcaoi a n-úsáideann tú na meáin shóisialta atá leabaithe ar an Suíomh Gréasáin (fianáin phearsantaithe).
Cé na fianáin a úsáideann an OCO?
Faisnéis Ghinearálta
| Foinse (Áit as a dtagann fianáin) | |
| Fianáin Chéad Pháirtí | Cuireann muid na fianáin seo ar fáil agus úsáideann gnéithe éagsúla iad ar ár Suíomh Gréasáin. D’fhéadfadh go n-áireofaí ar shamplaí cuairt chuairteora a shaincheapadh, faisnéis staitistiúil a sholáthar, agus céannacht cuairteora a fhíorú chun críche slándála. |
| Fianáin Tríú Páirtí | Cuireann díoltóirí “Tríú Páirtí” na fianáin seo ar fáil a sholáthraíonn táirgí agus gnéithe atá comhtháite againn inár Suíomh Gréasáin. I measc na samplaí tá suíomhanna meán sóisialta agus córais slándála. |
| Éagsú (Cé chomh fada agus a mhaireann fianáin) | |
| Fianán Neamhbhuan | Cuirtear na fianáin seo leis nuair a thosaíonn cuairteoir ag brabhsáil ár Suíomh Gréasáin nó nuair a bhíonn siad ag idirghníomhú le gné ar leith agus nuair a bhíonn an brabhsálaí dúnta. |
| Fianáin Mharthanacha | Cuirtear na fianáin seo leis nuair a thosaíonn cuairteoir ag brabhsáil ár Suíomh Gréasáin nó nuair a bhíonn siad ag idirghníomhú le gné ar leith, ach d’fhéadfadh sé go bhfanfaidh siad stóráilte ar do Ghléas go dtí go sroichfear dáta foirceanta áirithe (i dtéarmaí nóiméad, laethanta nó blianta ó chruthú/nuashonrú an fhianáin). |
| Cineál (Conas a dhéanaimid na fianáin a chatagóiriú) | |
| Fianáin Fhíor-riachtanacha | Leagaimid fianáin áirithe amach atá fíor-riachtanach chun ligean duit rochtain a fháil ar an Suíomh Gréasáin, chun bogadh idir leathanaigh agus chun seirbhísí a fháil a d’iarr tú. |
| Anailísíocht | Leagaimid fianáin anailísíochta amach chun eolas a bhailiú faoin gcaoi a n-úsáideann cuairteoirí an Suíomh Gréasáin, mar shampla cé na leathanaigh is minice a théann cuairteoirí chucu. Ní bhailíonn na fianáin seo faisnéis a shainaithníonn cuairteoir. Déantar an fhaisnéis go léir a bhailíonn na fianáin seo a chomhiomlánú agus mar sin gan ainm. |
| Fianáin feidhmíochta | Leagaimid fianáin feidhmíochta amach chun ár Suíomh Gréasáin a fheabhsú agus chun a chinntiú go bhfuil sé ag feidhmiú i gceart |
| Fianáin fheidhmiúla | Leagaimid fianáin fheidhmiúla amach chun go mbeidh an Suíomh Gréasáin in ann cuimhneamh ar na roghanna a dhéanann tú (amhail d’ainm úsáideora, do theanga nó an réigiún ina bhfuil tú) agus chun gnéithe feabhsaithe, níos pearsanta a sholáthar, mar shampla físeán a sheinm. Is féidir na fianáin seo a úsáid freisin chun cuimhneamh ar athruithe atá déanta agat ar mhéid an téacs, ar chlónna agus ar chodanna eile de leathanaigh ghréasáin ar féidir leat iad a shaincheapadh. |
| Pearsantú | Úsáideann tríú páirtithe a bhfianáin féin chun feidhmíocht a rianú, chun trácht calaoiseach agus neamhdhaonna a aithint agus chun fógraíocht ábhartha a sheirbheáil ort nuair a thoiligh tú leis seo. |
Fianáin Suímh Gréasáin agus teicneolaíochtaí rianaithe eile
Seo liosta de na fianáin atá socraithe ag an Suíomh Gréasáin:
| Cineál Fianáin | Céadainm | Cuspóir | Dul as Feidhm | Cé a Sholáthraíonn an Fianán? | Nasc Díliostála |
| Riachtanach | moove_gdpr_popup | Úsáidtear é chun toiliú an chuairteora a stóráil le haghaidh fianáin. | 180 lá | OCO.ie | n/b |
| Anailísíocht | _ga | Fianán Google Analytics a úsáidtear chun sonraí cuairteoirí, seisiúin, feachtais a ríomh agus súil a choinneáil ar úsáid an tsuímh do thuarascáil anailísíochta an tsuímh. Stórálann na fianáin faisnéis gan ainm agus sannann siad uimhir a ghintear go randamach chun cuairteoirí uathúla a aithint. | 730 lá | https://tools.google.com/dlpage/gaoptout | |
| Anailísíocht | _gat | Fianán Google Analytics a úsáidtear chun an ráta iarratais a phlúch. | 1 Lá | https://tools.google.com/dlpage/gaoptout | |
| _gid | Fianán Google Analytics a úsáidtear chun faisnéis a stóráil faoin gcaoi a n-úsáideann cuairteoirí suíomh gréasáin agus cabhraíonn sé le tuairisc anailísíochta a chruthú ar an gcaoi a bhfuil ag éirí leis an suíomh gréasáin. Na sonraí a bailíodh, lena n-áirítear líon na gcuairteoirí, an fhoinse as ar tháinig siad, agus na leathanaigh ar tugadh cuairt orthu i bhfoirm gan ainm. | 1 Lá | https://tools.google.com/dlpage/gaoptout | ||
| Feidhmiúil | rc::a | Fianán Google a úsáidtear chun idirdhealú a dhéanamh idir daoine agus botaí. Is fianán leanúnach é seo. | n/b | ||
| Feidhmiúil | rc::c | Fianán Google a úsáidtear chun idirdhealú a dhéanamh idir daoine agus botaí. Maireann sé ar feadh ré an tseisiúin. | n/b | ||
| Feidhmíocht | JSESSIONID | Monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht gréasáin | |||
| Spriocdhíriú | NID | Sannann sé Google ID | 183 lá | ||
| ? | __cfduid | Úsáidtear é chun amanna lódála leathanaigh a bhrostú | Jotform | ||
CAD IAD SCRIPTEANNA AGUS IARRATAIS TRÍÚ PÁIRTÍ?
Is píosaí beaga de chód ríomhaire iad scripteanna is féidir a úsáid chun úsáideoirí agus a n-iompraíocht a rianú ar suímh ghréasáin. Úsáideann an Suíomh Gréasáin scripteanna a sholáthraíonn SurveyMonkey, JotForm, Vimeo agus Google.
CAD IAD CNAIPÍ MEÁN SÓISIALTA?
Tá cnaipí meán sóisialta curtha san áireamh againn ar an Suíomh Gréasáin. Soláthraíonn siad seo naisc chuig ár gcuntais Twitter, Instagram, Facebook agus Youtube. Ní chuirimid aon fianáin ná lorgairí eile nuair a úsáideann tú na naisc seo ón Suíomh Gréasáin. Ní phróiseálann an OCO sonraí pearsanta ó ardáin na meán sóisialta. Má tá tú logáilte isteach i do chuntas féin le haghaidh aon cheann de na bealaí meán sóisialta, áfach, féadfaidh na páirtithe seo a gcuid scripteanna agus lorgairí féin a úsáid chun a thaifeadadh gur thug tú cuairt ar ár gcuntas meán sóisialta.
Bainimid úsáid as ardáin na meán sóisialta toisc gur uirlis luachmhar iad dúinn d’fhonn feasacht a mhúscailt faoin obair a dhéanaimid le luchtanna féachana éagsúla. Is aonáin thráchtála iad na cuideachtaí ar leo na hardáin meán sóisialta seo. Ba mhaith linn a mheabhrú duit go bhféadfaí an t-eolas a roinneann tú ar ár n-amlínte, ar leathanaigh nó i dteachtaireachtaí príobháideacha ar ár meáin shóisialta a úsáid nó a dhíol ag na cuideachtaí seo chun críocha tráchtála.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gcaoi a bpróiseálann na Tríú Páirtithe seo do chuid faisnéise, léigh na naisc thíos.
| Ardáin Mheáin Shóisialta | Beartais | Díliostáil |
| Beartas Príobháideachais | Fianáin | Comhlíonadh RGCS | Roghanna díliostála | |
| Beartas Príobháideachais | Fianáin | Comhlíonadh RGCS | Roghanna díliostála | |
| Beartas Príobháideachai | Fianáin |Comhlíonadh RGCS | Roghanna díliostála | |
| YouTube | Beartas Príobháideachais | Fianáin | Comhlíonadh RGCS | Roghanna díliostála |
| Ginearálta | Roghanna Díliostála |
CÉN CINEÁL FAISNÉISE A BHAILÍONN DO CHUID FIANÁIN?
Faighimid na cineálacha faisnéise seo a leanas fút trí na fianáin a úsáidimid
- Sonraí brabhsálaí fianáin: aitheantóirí fianáin, am/dáta, leathanaigh a bhreathnaítear orthu, cibé acu a thoiligh tú agus cé na fianáin a thoiligh tú,;
- Sonraí gléis: cineál gléis, réiteach scáileáin, leagan an chórais oibriúcháin, faisnéis bhrabhsálaí amhail a leagan agus socruithe bunúsacha;
- Sonraí loga: Am agus fad úsáide an tSuímh Ghréasáin agus sonraí cuardaigh;
- Sonraí suímh: Sonraí faoi do thír & do chontae rochtana mar a fhógraíonn do ghléas;
- Sonraí iompraíochta: Sonraí faoi d’úsáid ar an Suíomh Gréasáin
- Seoladh IP: Comhaid logála laistigh den freastalaí chun críocha slándála an tsuímh ghréasáin
Déanaimid anaithnidiú agus comhiomlánú ar na sonraí a bhailímid. Sa chás go dtugann tú cead dúinn faisnéis bhreise a bhailiú, is féidir linn é seo a dhéanamh ar bhonn do thoilithe. Tá líon beag cásanna ina mbailímid an fhaisnéis ar mhaithe lenár leasanna dlisteanacha, mar shampla sonraí seoltaí IP i logaí gréasáin chun cabhrú linn an Suíomh Gréasáin a choinneáil slán.
CÉ CHOMH FADA AGUS A MHAIREANN MO THOILIÚ?
Mairfidh do thoiliú ar feadh 6 mhí ón dáta deireanach a chuir tú ar fáil dúinn é agus úsáid á baint as an uirlis fianán ar an Suíomh Gréasáin. Tar éis na tréimhse seo, déileálfaidh an uirlis fianáin go huathoibríoch le do thoiliú mar a tarraingíodh siar é. Is féidir leat do shocrú fianán a athrú trí chliceáil anseo nó ón “Sainroghanna Fianáin” ó bhun gach leathanaigh ar an Suíomh Gréasáin.
CÁ FHAD A CHOINNEOIDH TÚ AN FHAISNÉIS?
Ní dhéanaimid próiseáil ná coinneáil ar fhaisnéis phearsanta i bhformáid inaitheanta ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá.
Déanaimid do chuid faisnéise pearsanta a phróiseáil agus a choinneáil ar feadh na tréimhse seo a leanas:
- Maidir le fianáin fíor-riachtanacha, críochnaíonn próiseáil do chuid faisnéise pearsanta le do sheisiún brabhsála agus ina dhiaidh sin scriostar d’fhaisnéis phearsanta (ach amháin maidir le fianáin a úsáidtear chun cuimhneamh ar do roghanna toilithe, a choinnímid agus a phróiseálaimid ar feadh 6 mhí ón dáta a thugann tú do thoiliú).
- Déantar gach faisnéis phearsanta eile a bhaineann le fianán a phróiseáil go dtí go ndéantar an toiliú a cheadaíonn próiseáil den sórt sin a tharraingt siar nó go rachaidh sé in éag (s.é. tar éis 6 mhí i bhformhór na gcásanna), agus ag an bpointe sin scriostar í.
Is iad na heisceachtaí amháin do na tréimhsí thuasluaite ná:
- éilíonn an dlí, an chúirt nó an t-údarás maoirseachta orainn do chuid faisnéise pearsanta a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide, nó í a scriosadh níos luaithe;
- d’ardaigh tú éileamh dlíthiúil, gearán nó imní maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála a thuairiscítear sa ráiteas seo, agus sa chás sin coinneoimid do chuid faisnéise ar feadh tréimhse 6 bliana tar éis dháta an éilimh, an ghearáin nó an imní sin; nó
- feidhmíonn tú do cheart an fhaisnéis a scriosadh (i gcás ina bhfuil feidhm aici) agus ní gá dúinn í a choinneáil i dtaca le haon cheann de na cúiseanna a cheadaítear nó a cheanglaítear faoin dlí.
CÉ LEIS A ROINNFEAR MO SHONRAÍ PEARSANTA?
Nochtaimid do chuid faisnéise pearsanta do thríú páirtithe nó ceadaimid dóibh rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin i dtaca leis na cuspóirí thuasluaite.
Féadfaidh ár soláthraithe seirbhíse tríú páirtí, gníomhairí agus fochonraitheoirí (“soláthraithe”) agus tríú páirtithe eile faisnéis phearsanta a bhaineann le fianán a fháil go díreach uaitse, uainn nó ó cheann dár soláthraithe.
Is féidir ár soláthraithe a chatagóiriú mar seo a leanas:
- Comhairleoirí agus sainchomhairleoirí gairmiúla dlí, slándála agus eile
- Ardáin na meán sóisialta
- Soláthróirí ardáin anailíse/samhaltaithe suímh ghréasáin agus sonraí
- Forbróirí suímh ghréasáin agus aipeanna
- Soláthraithe seirbhísí óstála suímh gréasáin
Is próiseálaithe iad formhór na soláthraithe a úsáidimid a bhfuil conradh i bhfeidhm againn leo a éilíonn orthu do chuid faisnéise a choinneáil slán agus gan í a úsáid seachas de réir ár dtreoracha sonracha. Ní dhéanaimid ach nochtadh dóibh nó cead a thabhairt dóibh rochtain a fháil ar fhaisnéis phearsanta atá riachtanach dóibh chun a gcuid seirbhísí a sholáthar.
AN AISTREOFAR MO SHONRAÍ PEARSANTA LASMUIGH DE LIMISTÉAR EACNAMAÍOCH NA HEORPA (LEE)?
Níl tarchur na faisnéise tríd an Idirlíon slán go hiomlán agus d’fhéadfadh aistriú sonraí pearsanta chuig tríú páirtí lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a bheith i gceist leis (“LEE”). A mhéid a bheidh sé riachtanach do shonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den LEE, cinnteoimid go bhfuil cosaintí iomchuí i bhfeidhm chun príobháideacht agus sláine na sonraí pearsanta sin a chosaint, lena n-áirítear Clásail Chaighdeánacha Chonarthacha faoi Airteagal 46.2 den RGCS, cinneadh leordhóthanachta faoi Airteagal 45, agus sásra an Sciath Príobháideachais. Déan teagmháil linn más mian leat faisnéis a fháil maidir le cosaintí den sórt sin (féach Déan Teagmháil Linn thíos)
Bainimid úsáid as Google Analytics chun faisnéis a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an Suíomh Gréasáin. Aistríonn Google sonraí go Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM). Mar sin féin, tá seoltaí IP anaithnidithe againn don Láithreán Gréasáin, rud a chiallaíonn nach féidir aon duine a aithint trína seoladh IP.
Aistríonn Twitter agus Youtube sonraí a bhailíonn na fianáin chuig SAM freisin. Táimid ag obair chun tuiscint a fháil ar conas is féidir leanúint de na haistrithe sonraí go SAM a dhéanamh go dleathach agus féadfaidh sé bearta cosanta breise a dhéanamh chun aon sonraí a bhailítear agus a aistrítear a chosaint.
CONAS IS FÉIDIR LIOM FIANÁIN A BHAINISTIÚ?
Is féidir leat na fianáin a chuirtear agus a choinnítear ar do Ghléas a rialú. Cuirtear an Ráiteas Príobháideachais agus an Ráiteas Fianáin seo ar fáil le bheith trédhearcach faoinár gcleachtais maidir le húsáid fianán agus chun deis a thabhairt duit rogha eolasach a dhéanamh. Is féidir leat do shocrú fianán a athrú trí chliceáil anseo nó ón “Sainroghanna Fianáin” ó bhun gach leathanaigh ar an Suíomh Gréasáin.
Nuair is infheidhme, gheobhaidh muid do thoiliú feasach roimh ré chun fianáin agus teicneolaíochtaí rianaithe eile a úsáid a stórálann nó a fhaigheann rochtain ar fhaisnéis ar do Ghléas. Glacann formhór na mbrabhsálaithe le fianáin go huathoibríoch ach is féidir iad a shocrú chun do thoiliú roimh ré a iarraidh sula socraítear fianán aonair ar do Ghléas. Tabharfaidh sé seo smacht duit ar do chuid fianáin, áfach, d’fhéadfadh sé cur isteach ar d’eispéireas brabhsála mar go mb’fhéidir nach bhfeidhmeoidh roinnt suíomhanna gréasáin i gceart agus b’fhéidir nach mbeidh tú in ann leas a bhaint as na gnéithe go léir a thairgeann an Suíomh Gréasáin.
Le treoracha a fháil maidir le fianáin a bhlocáil agus a scriosadh, féach ar dhoiciméad phríobháideachas agus cabhrach do shuíomh gréasáin do bhrabhsálaí ar leith. Má úsáideann tú níos mó Gléasanna agus/nó brabhsálaithe, beidh ort fianáin a dhíchumasú ar gach Gléas agus ar gach brabhsálaí ar leithligh. Seo iad na suímh na socruithe fianáin do gach brabhsálaithe gréasáin mór:
- Internet Explorer– Uirlisí > Roghanna Idirlín > Táb príobháideachais.
- Mozilla Firefox– Uirlisí > Roghanna > Roghchlár príobháideachais.
- Safari– Cuir in eagar > Roghanna > Roghchlár príobháideachais.
- Chrome– Socruithe > Socruithe Ábhair > Príobháideachais > Fianáin.
Chun rogha an diúltaithe ó bheith á rianú ag Google Analytics ar fud gach suíomh ghréasáin, tabhair cuairt arhttps://tools.google.com/dlpage/gaoptout.
Má chuireann tú teorainn le cumas an tSuímh Ghréasáin fianáin a shocrú, d’fhéadfadh sé seo cosc a chur ort gnéithe áirithe den Suíomh Gréasáin a úsáid i gceart agus d’fhéadfadh sé go n-imeodh do thaithí úsáideora nach ndéanfar pearsantú air a thuilleadh. D’fhéadfá díliostáil ó fhianáin áirithe a bheith agat trí shuíomhanna bainistíochta fianáin tríú páirtí. Má dhíchumasaítear fianáin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí cosc ort codanna áirithe den Suíomh Gréasáin a úsáid. Má scriosann tú do chuid fianáin ón mbrabhsálaí, b’fhéidir go mbeadh ort cuimhneamh ar fhianáin díliostála a athshuiteáil.
CÁ BHFAIGHIDH MÉ TUILLEADH FAISNÉISE FAOI FHIANÁIN?
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi fhianáin trí chuairt a thabhairt ar na suíomhanna gréasáin faisnéise seo a leanas:
www.aboutcookies.org www.allaboutcookies.org
Do Chearta Sonraí
Mar dhuine aonair tá na cearta seo a leanas agat:
cearta r-phríobháideachais– an ceart chun do thoiliú a tharraingt siar le fianáin neamhriachtanacha – is féidir leat do roghanna fianán a athrú trí chliceáil anseo nó ón “Sainroghanna Fianáin” ó bhun gach leathanaigh ar an Suíomh Gréasáin.
Cearta Cosanta sonraí– Mar dhuine aonair a ndéanann OCO a shonraí pearsanta a phróiseáil, tá na cearta seo a leanas agat:
- an ceart chun go gcuirfí ar an eolas tú, arb é sin an aidhm atá leis an ráiteas príobháideachais seo
- an ceart chun rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta atá againn fút, faoi réir srianta dleathacha
- an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne margaíochta díreach, (úsáid an cnaipe ‘díliostáil’ ar ár ríomhphoist nó déan teagmháil linn go díreach)
- an ceart chun cur i gcoinne próiseála a dhéantar ar bhonn leasanna dlisteanacha
- an ceart chun scriosta (i roinnt cúinsí)
- an ceart chun iniomparthacht sonraí
- an ceart go ndéanfaí do shonraí pearsanta a cheartú má bhíonn siad míchruinn
- an ceart go gcuirfí srian le do shonraí pearsanta nó go gcuirfí bac ar iad a phróiseáil
Chun aon cheann de na cearta seo a fheidhmiú, bain úsáid as an fhoirm Déan Teagmháil Linn chun teagmháil a dhéanamh linn ag baint úsáide as na sonraí sa chéad chuid eile.
Mura bhfuil tú sásta leis an mbealach ar láimhseáil muid fianáin nó do shonraí pearsanta, agus mura bhfuil tú in ann an cheist a réiteach linn go pearsanta, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.
Conas teagmháil a dhéanamh leis an OCO
Is féidir leat scríobh chugainn ag:
Oifig an Ombudsman do Leanaí
, Teach na Mílaoise
, 52-56 Sráid na Trá Mhór
Baile Átha Cliath 1, D01 F5P8.
Is féidir leat glaoch orainn ar: (01) 865 6800
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí (XpertDPO):
- trí scríobh, chuig an seoladh thuas
- trí ghlaoch, ar an uimhir thuas
- trí ríomhphost, ag oco@xpertdpo.com
Nuashonrú is déanaí Meán Fómhair 2020.


