Skip to main content

Tá tú anseo:  

Ráiteas Rochtana

Rinneadh gach iarracht an suíomh seo a dhéanamh chomh inrochtana agus ab fhéidir leis na hacmhainní a bhí ar fáil.  Tá muid ag obair chun an suíomh a bheith oiriúnach le treoirlínte de chuid W3 Web Accessibility Initiative.

Tá an suíomh gréasáin deartha chun a bheith oiriúnach don chuid is mó brabhsálaithe.

Tá éagsúlacht bogearraí ar fáil chun cuidiú le lucht lagamhairc teacht ar an suíomh.  Mar shampla tá Thunder screenreader agus NVDA (NonVisual Desktop Access) ar fáil saor in aisce.

Is féidir méid an chlófhoirne a mhéadú nó a laghdú ar na brabhsálaithe gréasáin nua aimseartha.  Déantar amhlaidh leis an téacs ar suíomh gréasáin de chuid Oifig Ombudsman do Leanaí.