Skip to main content

Tá tú anseo:  

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe

Is éard atá sa CNACL ná liosta de na cearta atá ag gach leanbh agus duine óg faoi 18 bliain d’aois. Tá an OOL á threorú ag an CNACL.

Céard é Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Linbh (1989)

Is comhaontú idirnáisiúnta é an CNACL ina liostaítear na cearta atá ag gach leanbh agus duine óg faoi 18 bliain d’aois. Tá an CNACL sínithe ag beagnach gach tír ar domhan, lena n-áirítear Éire, agus tá gealltanas tugtha ag na tíortha sin go mbeidh na cearta sin fíor i gcás leanaí agus daoine óga.

Faigh amach faoi na cearta atá liostaithe faoin CNACL

Éire agus an CNACL

Chláraigh Éire leis an CNACL i 1992 agus le linn déanamh amhlaidh, d’aithin sí gur ‘sealbhóirí cearta’ iad leanaí faoi 18 bliain d’aois agus gur chóir a gcearta a chosaint, a urramú agus a fhíorú.

Ag céiliúradh 25 bliain den CNACL

Bí páirteach inár gclár imeachtaí ‘Leanaí Anois. Cearta Anois’ agus muid ag ceiliúradh 25 bliain ó dhaingnigh Éire an CNACL.