Skip to main content

Tá tú anseo:  

Ceardlanna agus seimineáir

Bíonn ceardlanna á reáchtáil againn mar gheall ar chearta an linbh don aos óg agus seimineáir á dtabhairt do lucht léinn 3ú leibhéal.

Cad air a mbíonn na ceardlanna?

Tagann na céadta den aos óg ar cuairt chuig Oifig an Ombudsman do Leanaí gach bliain lena gcuid scoileanna nó eagraíochtaí na n-óg chun páirt a ghlacadh inár gceardlanna oideachas chearta an linbh. Tugaimid cúnamh don aos óg a thuiscint cad iad a gcuid cearta agus tugtar cluas le héisteacht dóibh. Bímid ag iarraidh cearta bheith fíor i saol an aosa óig agus na cearta sin a bheith nasctha go dlúth lena saol laethúil. Bíonn gach ceardlann curtha in oiriúint d’aois, idirghníomhach agus spraíúil.

Tá na ceardlanna seo:

  • Saor in aisce
  • ar feadh tréimhse 90 nóiméad ar fad
  • Oscailte do ghrúpaí de 35 duine ar a mhéad
  • Le haghaidh bunscoileanna (rang a 3 aníos), meánscoileanna is eagraíochtaí na n-óg
  • Maidineacha Dé Céadaoin agus Déardaoin
  • Ar siúl san oifig i mBaile Átha Cliath

Cad a bhíonn ar siúl?

Chun go mbeidh leanaí agus daoine óga a thagann ar cuairt chugainn ábalta ar a bhfuil foghlamtha acu a thabhairt ar ais go dtí a scoil féin nó a dtogra óige, fágaimid pacáiste acmhainne ag grúpaí atá ar cuairt againn a thacóidh leo gníomhartha a dhéanamh chun feasacht a mhúscailt ar a gcomhghleacaithe atá plé le cearta an linbh.

D’fhéadfadh a leithéid seo de smaointe bheith san áireamh: fógra eolais mar gheall ar chearta an linbh a dhéanamh, rud éigin a scríobh faoin gcúirt i litir nuachta na scoile/sna meáin shóisialta nó togra níos mó arís a eagrú maidir le cearta an linbh in Éirinn.

Dóibh siúd nach bhfuil ar a gcumas bualadh isteach chugainn san oifig i mBaile Átha Cliath, tá suíomh idirlíon déanta againn, www.itsyourright.ie, agus is air atá an t-eolas is déanaí agus na fíricí go léir a bhaineann le cearta an libh agus na hacmhainní atá ar fáil d’oideachasóirí.

Ceardlann a chur in áirithe

Líon suas an fhoirm seo ar líne chun ceardlann a chur in áirithe

Nó bí i dteagmháil linn education@oco.ie nó cuir glaoch orainn (01) 8656800

Más duine óg tú, múinteoir bunscoile, múinteoir OSSP, comhordaitheoir Idirbhliana, múinteoir Polaitíochta agus Sochaí, comhordaitheoir Youthreach, oibrí óige nó duine proifisiúnta atá ag obair le leanaí agus le daoine óga, bí i dteagmháil linn go bhfaighe tú tuilleadh eolais.

Seimineáir Chearta an Linbh d’iarchéimithe

Bíonn ceardlanna againn á reáchtáil freisin faoi chearta an linbh do mhic léinn iarchéime in oideachas, obair shóisialta agus do chúram an linbh. San áireamh ag na ceardlanna seo bíonn cur i láthair ar obair na hoifige, chomh maith le gníomhaíochtaí a bhaineann le cearta an linbh. D’fhéadfadh na seimineáir bheith ar siúl san oifig i mBaile Átha Cliath nó in institiúidí léinn tríú leibhéil ar fud na tíre.

Céard atá ráite ag daoine faoi na ceardlanna

“Tá clár iontach ar siúl agaibh le foireann oibre atá go sona suairc! Bhí na páistí an-tógthaí leis agus bhí ríméad orthu casadh ar an Ombudsman agus ceisteanna a chur air. Spreag an chuairt seo na páistí bheith ag machnamh ar chearta an linbh anseo agus thar lear agus iad phlé eatarthu féin. Go raibh míle maith agat as an deis seo a thabhairt dúinn agus gach rath ar an obair!” (Múinteoir),

“Is iontach an taithí é. Tá súil agam go mbeidh leanaí eile sna blianta romhainn ag baint a oiread suilt as agus a bhaineas agus mo rang.” (Dalta),

“Bhí an cheardlann seo an-éifeachtach agus déanta go maith acu. Dúirt dalta amháin de mo chuid gurb í an ceann is fearr dá raibh ar siúl le linn na bliana.” (Múinteoir),

“B’é an rud is spéisiúla faoin gcúirt ná bheith ag feiceáil an áit a mbíonn an tOmbudsman fhéin ag obair i ndáiríre.” (11 bliain d’aois),

“Bíonn sé an-deacair mise agus mo rang-sa a shásamh! Tá a fhios againn cén uair a bhíonn an chraic agus cheap muid go raibh an-chraic go deo ag baint leis seo” (10 bliain d’aois)