Skip to main content

Tá tú anseo:  

Taighde ar Chearta Linbh

Déanann Oifig an Ombudsman do Leanaí taighde ar fadhbanna tábhachtacha ag cur as do leanaí.

Baineann an taighde seo le:

  • Féachaint ar tuarascáil agus fianaise eile maidir le fadhbanna atá ag cur as do leanaí in Éirinn
  • Samplaí a fháil ag taispeáint an dóigh a chosnaítear chearta leanaí í dtíortha eile
  • Éisteacht le dearcthaí agus taithí leanaí
  • Éisteacht le dearcthaí agus taithí thuismitheoirí, chúramóirí agus daoine proifisiúnta atá ag obair le leanaí.

Tugann an taighde seo tuiscint dúinn cé acu an bhfuil cearta leanaí á chosaint, agus baineann muid úsáid as na torthaí seo agus taithí na leanaí, na teaghlaigh agus na daoine proifisiúnta in ár gcuid oibre. Spreagann sé an Rialtas agus comhlachtaí phoiblí dul i mbun oibre i ndóigh a fhorbraítear cearta agus leas leanaí.

Obair dheireanach agus obair leanúnach

Riarachán Linbhlárnach: Comhairliúchán

Choimisiúnaigh muid Clinic Dlí Leanaí, Scoil an Dlí, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, an staidéar seo a dhéanamh.  Scrúdaítear an dóigh a chuirtear chun tosaigh cearta leanaí agus an dóigh a chosnaítear iad maidir le gníomhartha agus cinntí chomhlachtaí riaracháin (mar shampla Ranna Rialtais, scoileanna, seirbhísí chun leanaí agus daoine óga a chosaint, agus otharlanna).  Scrúdaigh an fhoireann taighde cuid de na gearáin déanta d’Oifig an Ombudsman Leanaí agus labhair siad le leanaí agus teaghlaigh faoin a gcuid taithí.  Tá sé ar intinn acu labhairt le daoine proifisiúnta atá ag obair i sheirbhísí riaracháin poiblí i 2017. Foilseofar tuairisc faoin staidéar agus é críochnaithe.

Dearbhú Chearta Linbh 1924

I 1924, toiligh Conradh na Náisiún le Dearbhú Chearta Linbh, nó Dearbhú na Ginéive.  I 2015, thug bean, darbh ainm Bobby Ryan, cóip de Dearbhú na Ginéive a bhí curtha ar fáil ag Fóir ar na Páistí Éireann i rith na 1920í dúinn. Tá an chóip sínithe ag daoine mór le rá i saol na hÉireann san am, ina measc Dubhghlas de hÍde, Liam T MacCosgair, Éamon de Valera agus Eoin Mac Néill.

I 2016, choimisiúnaigh muid taighde le tuilleadh eolais a fháil faoin chóip seo den Dearbhú 1924 agus faoin dóigh a d’úsáidfí í. Tá sé ar intinn againn tuairisc faoin taighde seo a fhoilsiú le linn 2017 mar chuid den chlár atá pleanáilte chun 25 bliain de dhaingniú Choinbhinsiúin um Chearta an Linbh ag Éire a chomóradh.

Is féidir na foilseacháin taighde a fhail anseo.