Skip to main content

Tá tú anseo:  

Tionscadail atá ar siúl

Is féidir foghlaim faoi na tionscadail a bhfuilimid ag tabhairt fúthu chun comóradh 25 bliain an CNACL a cheiliúradh

Cearta lenár súile

Chomhoibrigh muid le buaiteoirí an chomórtais Texaco Art ag tabhairt cuireadh do ealaíontóirí saothair saincheaptha a chruthú a léiríonn beatha linbh, agus an tábhacht a bhaineann le cearta an linbh.

Beidh taispeántais den saothar seo san Acadamh Ibeirneach Ríoga ón Luan, 11 Meán Fómhair go Céadaoin 13 Meán Fómhair

Músaem na gCeart

Tá muid ag obair le scoláirí atá ag freastail ar Choláiste Phobail Larkin agus le Dan Colley, stiúrthóir, comhairleoir amharclainne agus éascaitheoir.  Foghlaimeoidh na scoláirí faoi choiméadaíocht de réir mar a roghnaíonn siad saothair a léiríonn a gceart mar leanaí in Éirinn.  Taispeánfar músaem na gceart in Ard-Mhúsaem na hÉireann agus beidh preabmhúsaem ag an lainseáil um CNACL ar 28 Meán Fómhair.

Beifear ag súil mar thoradh den tionscadal seo gur féidir clár píolótach a chruthú do scoileanna, leabharlanna, músaeim agus grúpaí ar fud na tíre.

Cathair Spraíúil

Chuaigh muid i bpáirt le Cathair Spraíúil chun aird a dhíriú ar an tábhacht a bhaineann le súgradh agus an méid ceart atá ceangailte le chéile.

Feicfear graifítí agus idirghníomhaíocht ealaíne ag ceiliúradh cearta thart ar Bhaile Átha Cliath i mhí Lúnasa.

Eagraíochtaí atá eolach ar chearta

Tá eagraíochtaí in Éirinn, ina measc Spóirt in Éirinn, an CLG agus Cumann Rugbaí na hÉireann ag cuir tús leis an próiseas chun bheith eolach ar chearta.

Tá grúpaí agus eagraíochtaí atá ag obair le leanaí de shíor ag fáil oiliúint ar dea-chleachtas maidir le sábháilteacht agus folláine leanaí agus araile.  Ba chóir go mbeadh forbairt cearta agus rannpháirtíocht um linbh mar chuid den oiliúint.  Ba chóir leanaí a chuir ar an eolas go bhfuil cearta acu mar chuid den oiliúint chomh maith.

Tugann muid deis do na heagraíochta uile freastail ar cheardlanna a chothaíonn tuiscint ar chearta, ma tá suim acu iontu.

Leanfaidh muid ar aghaidh le forbairt an chláir seo chun tacaíocht a thabhairt do heagraíochta thuas luaite.

Le tuilleadh eolais agus cuidiú faoi conas is féidir leat, mar eagraíocht, bheith bainte brú ar leathanach CNACL25. Le tuilleadh eolais déan teagmháil le UNCRC25@oco.ie.