Skip to main content

Tá tú anseo:  

Comhoibriú Idirnáisiúnta

Oibríonn muid le chomhlachtaí agus líonraí idirnáisiúnta chun eolas faoi na fadhbanna atá ag cur as do leanaí a scaipeadh agus chun cinntiú a dhéanamh de go dtugtar meas do chearta an linbh in Éirinn agus i dtíortha eile

Tuarascálacha do na Náisiúin Aontaithe

Chuir Éire a hainm lena lán comhaontuithe idirnáisiúnta um chearta an duine, ina measc Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh CNACL (ar feadh liosta iomlán, féach anseo).  Gach 5-10 bliain, déanann coiste de shaineolaithe neamhspleácha cinnte de go bhfuil Rialtas na hÉireann ag comhlíonadh na gealltanais a rinne sé faoi gach ceann de na comhaontaithe seo maidir le meas agus caomhnú a thabhairt do cearta an linbh.

Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh

Rinne Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh athbhreithniú ar thaifead Éireann maidir le cearta an linbh a chur i bhfeidhm faoi Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh i 1998, 2006 agus 2016.

Le linn an athbhreithnithe is déanaí, chuir Oifig an Ombudsman do Leanaí tuarascáil don choiste ag tabhairt eolais faoi na fadhbanna atá ag cur as do leanaí in Éirinn agus ag tabhairt moltaí faoi na hathruithe atá riachtanach do dlíthe, do pholasaithe agus do chleachtaí chun feabhas a chur ar bheathaí leanaí.

Is féidir an tuarascáil a léamh anseo.

Bhí an tOmbudsman do Leanaí agus ball foirne eile ón Oifig i láthair ag cruinniú (darb ainm ‘éisteacht réamhsheisiúnach’) leis an Coiste i Meitheamh 2015, i gcuideachta eagraithe eile mar Comhaontas um Chearta na Leanaí.  Chuaigh an Coiste i dteagmháil le daoine óga, chun fháil amach go díreach uatha faoi na fadhbanna atá ag cur as do leanaí agus daoine óga in Éirinn.

Cheistigh an Coiste ionadaithe ón Rialtas maidir leis an dóigh a chosain sé nó a theip air cearta um leanaí a chosain, ag cruinniú in Eanáir 2016 agus foilsíodh a ‘Bhreithnithe Deiridh’ i Feabhra 2016.  Leagann an doiciméad seo síos imní an Choiste maidir le caomhnú chearta an linbh in Éirinn, agus a mholtaí don Rialtas i réimsí éagsúla, ina measc tithíocht, caighdeáin mhaireachtála agus sláinte, oideachas, leatrom, leanaí faoi míchumas, leanaí imircigh agus leanaí ag iarraidh tearmainn, bochtaineacht agus buiséadú.

Cuirimid fáilte roimh Bhreithnithe Deiridh an Choiste a féidir a fháil anseo.

Próiseas Athbhreithnithe Thréimhsiúla Uilíocha

Faoin phróiseas Athbhreithnithe Thréimhsiúla Uilíocha (UPR) déanann tíortha sna Náisiúin Aontaithe scrúdú ar a chéile maidir le a dtaifid faoi fheidhmiú chearta an duine.

Seo próiseas nua monatóireachta um Comhairle na Náisiúin Aontaithe a thugann cead do thíortha seiceáil a dhéanamh ar a gcomhpháirtithe (tíortha eile) cé acu an bhfuil siad ag comhlíonadh na comhaontaithe lena chuir siad a gcuid n-ainmneacha, an Coinbhinsiúin um Chearta an Linbh ina measc.

I Meán Fómhair 2015, sheol Oifig an Ombudsman do Leanaí tuairisc scríofa chuig Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine roimh an dara scrúdú de thaifead chearta an duine in Éirinn.  Dhírigh an tuarascáil seo aird ar, agus rinne sé moltaí faoi fadhbanna chearta leanaí in Éirinn.  Ina measc bhí leas agus cosaint linbh, cóir na hóige, cúrsaí tearmainn agus inimirce, bochtaineacht linbh, easpa dídine, seirbhísí sláinte agus oideachas.

Is féidir an tuarascáil a léamh anseo.

Líonraí Eorpaigh

Oibríonn muid le chéile leis an tOmbudsman do Leanaí (nó Coimisinéirí do Leanaí mar a dtugtar ortha uaireanta) I dtíortha eile.  Eagraítear cruinnithe agus imeachtaí ar fhadhbanna thábhachtacha atá ag cur as do leanaí, agus roinntear eolais chun tacaíocht a thabhairt do fhorbairt pholasaí agus reachtaíochta fríd an Eoraip a thugann meas agus cosaint do chearta leanaí.

Líonra Eorpach d’Ombudsman do Leanaí (ENOC)

Is líonra é an Líonra Eorpach d’Ombudsman do Leanaí atá déanta d’oifigí neamhspleácha bunaithe i dtíortha na hEorpach chun cearta na leanaí a fhorbairt.  Is ball den líonra seo é Oifig an Ombudsman do Leanaí mar aon le hoifigí I 33 tír eile.

I Mean Fómhair 2016, toghadh an tOmbudsman do Leanaí, Niall Muldoon le bheith mar duine den chúigear a bhíonn ina mbaill den mBiúró; an comhlacht atá i mbun ENOC agus a shocraíonn na réimsí atá mar fócas na heagraíochta.

Cruinniú UNICEF i Nua-Eabhrac

I Samhain 2016 chuaigh an tOmbudsman do Leanaí go Nua-Eabhrac ar son an ENOC le labhairt ag cruinniú foirne UNICEF ó ghach chearn den domhain.  Faoi chaibidil bhí an ról atá ag baill ENOC tacaíocht a thabhairt do thíortha atá ag iarraidh a chinntiú go bhfuil an aird chuí tugtha do leanaí mar ‘daoine a bhfuil cearta’ acu.

Seimineár ENOC 2016

Reáchtáil an Oifig an Ombudsman do Leanaí seimineár 2 lá ENOC ar “Chomdheiseanna Oideachais do gach Leanbh agus gach Duine Óg” i Meitheamh 2016.  Ghlac fiche ionadaí ó 12 ball de ENOC páirt sa seimineár.

Phléadh a lán fadhbanna éagsúla ag an seimineár seo, ina measc laghdaithe i maoiniú oideachais, rochtain d’oideachas réamh-bhunscoile, rochtain d’oideachas do leanaí ó grúpaí mionlaigh, (mar shampla leanaí o chúlra Roma) agus rochtain d’oideachas do leanaí faoi riachtanais speisialta.

Is féidir gréasáin ENOC a fháil anseo.

Líonra Rialtas na Breataine agus na hÉireann agus Coimisinéirí na Leanaí (BINOCC)

Nascann Líonra Rialtas na Breataine agus na hÉireann agus Coimisinéirí na Leanaí (BINOCC) an 4 Coimisinéir do Leanaí na Ríochta Aontaithe (i Sasana, sa Bhreatain Bheag, in Albain agus i dTuaisceart Éireann) agus an tOmbudsman do Leanaí i bpoblacht na hÉireann chun eolas a scaipeadh agus chun fadhbanna choitianta a chuireann as do leanaí a phlé.

Cruinniú BINOCC i mBaile Átha Cliath, 2016

Reáchtáladh cruinniú idir an tOmbudsman do Leanaí agus an 4Coimisinéir ón Riocht Aontaithe sna hoifigí i mBaile Átha Cliath in Eanáir 2016.  Bhí an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige ag an am, James Reilly, i láthair ag cuid den chruinniú chun labhairt faoi cosaint leanaí ó fhoréigean agus faoi coscar phionós chorpartha.

Tuilleadh eolais ar fáil anseo.