Skip to main content

Tá tú anseo:  

Modh ar chomhairle atá bunaithe ar chearta

Déanann an fhoireann pholasaí in Oifig an Ombudsman do Leanaí cearta agus leas leanaí na hÉireann a chur chun cinn i mbealaí éagsúla, trí féachaint ar dlíthe agus polasaithe a bhfuil tionchar acu ar leanaí chun déanamh cinnte de go dtugann siad meas agus cosaint do chearta leanaí.

Mar shampla:

  • Cuireann muid dréachtdlíthe agus polasaithe a chuireann as do leanaí i gcomparáid le comhaontuithe idirnáisiúnta agus Eorpaigh atá toilithe ag Éire. Ina measc siúd tá Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, agus tugann muid comhairle don Rialtas faoi athruithe atá fóirsteanach.
  • Déanann muid seiceáil an bhfuil na dlíthe agus polasaithe comhlíonta sa dóigh a chloíonn siad le caighdeán chearta linbh atá reatha.
  • Téann muid chuig cruinnithe coistí Oireachtais agus Seanaid chun labhairt faoin tionchar atá ag, nó faoin tionchar a d’fheadfadh a bheith ag, dlíthe agus polasaithe agus cuireann muid ár moltaí in iúl.
  • Buaileann muid le polaiteoirí agus lucht déanta beartas chun labhairt faoi fadhbanna na leanaí agus faoina gcearta.
  • Spreagann muid comhlachtaí poiblí, scoileanna, agus otharlainne dheonacha polasaithe a fhorbairt a chuireann chun cearta agus leas leanaí a chuir chun tosaigh.

Is féidir eolas ar na bpolasaithe a fháil anseo.

Ag comhoibriú le daoine eile chun polasaithe leanbhlárnach a chruthú

Bíonn muid ag obair le heagraíochtaí, lucht déanta beartas agus iadsan a dtéann a gcuid oibre i bhfeidhm ar leanaí, chun iarracht leanbhlárnach agus measúil a fhorbairt ina gcuid bpolasaithe agus ina gcuid gcleachtaí.

Is iad Joining the Dots agus obair a dhéantar leis an tÚdarás Uchtála samplaí dár gcuid tuarascálacha.