You are here:
Soláthar Díreach
Díríonn an comhairliúchán seo le leanaí atá ina gcónaí i gcóiríocht um Sholáthar Díreach ar a dtuairimí faoina gcearta faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus a saol in Éirinn. Déanann sé iniúchadh ar a n-eispéireis agus a dtuairimí ar ionchuimsiú agus eisiamh ina gcóiríocht, sa scoil, sa phobal áitiúil agus i sochaí níos leithne na hÉireann. Mar thoradh ar an gcomhairliúchán tá tuairisc, scannán agus gailearaí ar theachtaireachtaí leanaí go hÉirinn agus ar shaothar ealaíne.
Tuairimí agus eispéiris leanaí maidir le maireachtáil i Soláthar Díreach. Tuarascáil ó Oifig an Ombudsman do Leanaí 2020
Cuireann Oifig an Ombudsman do Leanaí Saol i nGianghlasáil i láthair, tuarascáil ar thuairimí agus eispéiris leanaí a chónaíonn i gcóiríocht Soláthair Dhírigh le linn na paindéime Covid-19. Ag leanúint ar aghaidh ónár dtuarascáil um Sholáthar Díreach níos luaithe i mbliana, labhair an OCO le líon beag leanaí in ionaid Soláthair Dhírigh faoi conas a bhí an saol dóibh le linn an chéad dianghlasáil.