Skip to main content

You are here:  

Á gCuid Oibre le Leanaí

Anseo is féidir leat teacht ar ár bpreasráitis agus ar ár ráitis go léir agus ar roinnt óráidí a rinne Niall nó baill d’fhoireann an OCO.

Cainteanna Leanaí

Is é atá i gceist le Cainteanna Leanaí ár n-imeacht bliantúil a reáchtáiltear gach mí na Samhna chun Lá Domhanda na Leanaí a cheiliúradh. Ó 2018 ar aghaidh, cloiseann Cainteanna Leanaí go díreach ó leanaí agus ó dhaoine óga faoi na saincheisteanna atá tábhachtach dóibh.

Clár Ambasadóra Scoile

Faoinár gClár Ambasadóra Scoile, bímid i gcomhpháirtíocht le dhá bhunscoil a chabhraíonn linn cearta leanaí a chur chun cinn trí ghníomhaíochtaí ina scoil agus ar na meáin shóisialta.  Tá Clár Ambasadóra Scoile an OCO ar siúl ó 2023 ar aghaidh.

Painéal Comhairleach don Óige

Éistimid le hábhair imní daoine óga agus cinntímid go n-éisteann daoine a dhéanann cinntí a dhéanann difear dóibh lena dtuairimí. Tá ár bPainéal Comhairleach don Óige nó an Plean Gníomhaíochta Óige comhdhéanta de ghrúpa daoine óga idir 12-17 mbliana d’aois ó gach cearn den tír. Tugann siad comhairle dúinn maidir le saincheisteanna a bhaineann le cearta leanaí in Éirinn agus cuireann siad go rialta le hobair ár nOifige.