Skip to main content

You are here:  

Príobháideachas agus Fianáin

Déantar do cheart chun príobháideachais a urramú go hiomlán in Oifig an Ombudsman do Leanaí, agus ní bhaileofar aon eolas pearsanta fút ar an suíomh gréasáin seo gan do chead soiléir.

Ár Ról

Is comhlacht reachtúil neamhspleách í Oifig an Ombudsman do Leanaí, a bunaíodh sa bhliain 2004 faoin Acht um Ombudsman do Leanaí, 2002. Faoi Acht 2002 (arna leasú), tá dhá phríomhfheidhm reachtúla ag an Ombudsman do Leanaí:

  • gearáin a scrúdú agus a fhiosrú a dhéantar ag leanaí nó thar ceann leanaí, a bhaineann le gníomhartha riaracháin, nó le neamhghníomhartha, de chuid comhlachtaí poiblí
  • cearta agus leas leanaí suas go dtí 18 mbliana d’aois a chur chun cinn.

Cuspóir Ráiteas Príobháideachais Oifig an Ombudsman do Leanaí

Tá sonraí pearsanta de dhíth ar Oifig an Ombudsman do Leanaí chun a cuid ról a chomhlíonadh agus chun freastal ar a cuid oibleagáidí dlíthiúla. Próiseáiltear (lena n-áirítear bailiú, stóráil agus roinnt) sonraí pearsanta in Oifig an Ombudsman do Leanaí maidir leis an bhfoireann agus maidir le daoine a dhéanann teagmháil le hOifig an Ombudsman do Leanaí, a ghlacann páirt in obair Oifig an Ombudsman do Leanaí chun cearta agus leas leanaí a chur chun cinn, nó a bhíonn bainteach le scrúdú nó le fiosrúchán gearán de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí.

Leagtar amach sa ráiteas príobháideachais seo an bealach a n-úsáidtear agus a gcosnaítear do shonraí pearsanta in Oifig an Ombudsman do Leanaí, lena n-áirítear sonraí a bhailítear uait nuair a bhaineann tú úsáid as ár suíomh gréasáin.

Eolas faoi Oifig an Ombudsman do Leanaí mar Rialaitheoir Sonraí

Is í Oifig an Ombudsman do Leanaí an Rialaitheoir Sonraí i leith sonraí pearsanta. Tá ár bpróiseáil sonraí roinnte ag Oifig an Ombudsman do Leanaí i gcatagóirí ionas gur féidir linn tuilleadh eolais a thabhairt duit faoinár bpróiseáil. Is iad seo a leanas na catagóirí:

  • leanaí
  • daoine atá bainteach le scrúdú nó le fiosrúchán gearán
  • cearta agus leas leanaí a chur chun cinn
  • obair Oifig an Ombudsman do Leanaí a chur chun cinn
    • cuairteoirí ar an suíomh gréasáin
    • na meáin shóisialta
    • an preas/na meáin agus liosta teagmhálaithe Oifig an Ombudsman do Leanaí
    • imeachtaí agus ceardlanna
    • grianghraif, físeáin agus taifeadtaí fuaime
  • TCI (Teilifís Chiorcaid Iata / CCTV)
  • Iarratasóirí poist agus baill foirne

Tá tuilleadh eolais faoinár bpróiseáil sonraí do gach catagóir ar fáil thíos.

Ní thrádálaimid sonraí pearsanta chun críocha tráchtála agus ní nochtfaimid sonraí pearsanta ach amháin má cheanglaítear leis an dlí, más gá é chun do láithreacht ag imeacht Oifig an Ombudsman do Leanaí a shocrú, nó má dhéantar é le do thoiliú. Úsáideann Oifig an Ombudsman do Leanaí soláthraithe atá lonnaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch chun sonraí a phróiseáil.

Cuirtear an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), a tháinig i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018, san áireamh sa ráiteas príobháideachais seo.

Má tá aon cheist agat faoin mbealach a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí:

  • ríomhphost a sheoladh chugainn ag oco@xpertdpo.com
  • ghlaoch a chur orainn ar (01) 8656800
  • scríobh chugainn chuig Oifig an Ombudsman do Leanaí, Teach na Mílaoise, 52-56 Sráid na Trá Mhór, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P8.

Leanaí

Faoi dhlí ar a dtugtar an tAcht um Ombudsman do Leanaí, 2002, tá dhá chúram ar Oifig an Ombudsman do Leanaí:

D’fhéadfadh sé go mbeadh orainn eolas pearsanta fút a fháil d’fhonn na cúraimí seo a chomhlíonadh. Mar shampla de chineálacha eolais phearsanta a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uainn, bheadh d’ainm, do dháta breithe, do sheoladh, agus cé hiad do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí. Dá mba mhaith linn grianghraif a ghlacadh díot (mar shampla, grianghraif le húsáid chun feasacht a mhúscailt faoi chearta leanaí nó faoinár gcuid oibre), iarrfaimid cead ort féin agus ar do thuismitheoirí. Tá tuilleadh eolais faoi seo le fáil sa rannán ‘Grianghraif, Físeáin agus Taifeadtaí Fuaime’ thíos.

Bainimid úsáid as eolas pearsanta fút chun go dtuigfimid conas is féidir linn cabhrú leat agus d’fhonn ár gcuid cúraimí a chomhlíonadh. Coinnímid an t-eolas seo slán inár n-oifig agus ní roinnimid é ach leo siúd ar gá dóibh é a bheith ar eolas acu. Mura bhfaighimid an t-eolas ar fad a theastaíonn uainn, ansin seans nach mbeimid in ann ár gcuid cúraimí a chomhlíonadh.

Ní choinnímid d’eolas pearsanta ar feadh níos mó ná trí bliana tar éis dúinn an obair a dteastaíonn an t-eolas seo uainn di a chríochnú. Sa chás go bhfuil tú bainteach le gearán atáimid a láimhseáil, coinnímid taifead gairid ar an méid a tharla go dtí go mbíonn tú 23 bliain d’aois. Tá sé seo ionas gur féidir leat tuiscint a fháil ar a tharla mar b’fhéidir nach gcuimhneoidh tú air nuair a bheidh tú níos sine. Má bhíonn do dheartháir, do dheirfiúr nó leanbh eile bainteach leis an scéal, ansin coinnímid an taifead níos giorra go dtí go mbíonn an leanbh is óige 23 bliain d’aois.

Tá cearta agat i leith d’eolais phearsanta. Tá an ceart agat:

  • a chinntiú go bhfuil an t-eolas pearsanta atá againn fút cruinn
  • a iarraidh orainn d’eolas pearsanta a scriosadh
  • cur i gcoinne an bhealaigh a n-úsáidimid d’eolas pearsanta
  • cóip de d’eolas pearsanta a fháil uainn
  • gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí má cheapann tú nár choinníomar agus nár úsáideamar d’eolas pearsanta i gceart.

Daoine atá bainteach le scrúdú agus le fiosrúchán gearán de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí

Tá oibleagáid reachtúil ar Oifig an Ombudsman do Leanaí gearáin a scrúdú agus a fhiosrú a dhéantar ag leanaí nó thar ceann leanaí maidir le gníomhartha riaracháin de chuid gníomhaireachtaí in-athbhreithnithe. Is comhlachtaí poiblí den chuid is mó iad na gníomhaireachtaí seo, amhail ranna Rialtais, gníomhaireachtaí stáit, scoileanna agus ospidéil dheonacha. Is féidir linn comhlachtaí eile a fhiosrú freisin, amhail eagraíochtaí deonacha agus carthanúla, ag brath ar an gcaidreamh maoinithe atá acu leis an Rialtas.

Bailítear sonraí pearsanta in Oifig an Ombudsman do Leanaí maidir leis an ngearánach (an duine a dhéanann an gearán), na leanaí atá bainteach leis an scéal, teaghlach agus caomhnóirí na leanaí atá bainteach leis an gcás, agus na daoine a oibríonn sna gníomhaireachtaí atá bainteach leis an tsaincheist.

Tugtar cumhachtaí reachtúla d’Oifig an Ombudsman do Leanaí d’fhonn eolas ábhartha a iarraidh ó ghníomhaireachtaí ábhartha, agus d’fhéadfadh sonraí pearsanta a bheith san eolas seo.

D’fhéadfaí eolas, lena n-áirítear eolas pearsanta, a iarraidh in Oifig an Ombudsman do Leanaí ó thuismitheoirí, ó chaomhnóirí agus ó leanaí freisin. Mura gcuirtear an t-eolas nó na sonraí pearsanta ar fáil, d’fhéadfadh sé tarlú nach mbeimid in ann gearán a scrúdú nó a fhiosrú dá bharr.

I measc na gcineálacha sonraí pearsanta a bhailítear, d’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith ann: ainmneacha, seoltaí, sonraí teagmhála, dátaí breithe, inscne, eolas leighis agus catagóirí speisialta eile de shonraí pearsanta. D’fhéadfaimis taifid phearsanta atá i seilbh na gcomhlachtaí poiblí atá i gceist a iarraidh freisin, má bhíonn siad seo ag teastáil uainn chun gearán a scrúdú nó a fhiosrú. I measc na samplaí de na taifid seo, d’fhéadfadh taifid scoile, taifid tithíochta, taifid choinneála, eolas leighis, pleananna cúraim reachtúla agus taifid chosanta leanaí a bheith ann.

Déantar iarracht i gcónaí in Oifig an Ombudsman do Leanaí an t-eolas a iarraimid ar bhaill den phobal agus ar chomhlachtaí poiblí a choinneáil chomh híseal agus is féidir. Ní iarraimid ach na sonraí pearsanta a theastaíonn uainn d’fhonn gearán a scrúdú nó a fhiosrú. Uaireanta, seoltar sonraí pearsanta chuig Oifig an Ombudsman do Leanaí nach raibh iarrtha againn. Nuair a aithnímid cásanna den sórt sin, cuirimid na sonraí pearsanta ar ais chuig an seoltóir

Coinnímid gach sonraí pearsanta a fhaightear chun críocha gearán a scrúdú nó a fhiosrú i gcomhad ar feadh trí bliana tar éis dúinn ár gcuid oibre ar an ngearán a chríochnú. Mura léirítear gur gá dúinn na bunshonraí pearsanta a choinneáil, ansin cuirfimid taifead níos giorra ar fáil den mhéid a tharla, ina mbeidh fianaise ábhartha gan ainmneacha. Coinnímid taifead níos giorra ar an méid a tharla go dtí go mbíonn an leanbh a bhí i gceist sa ghearán 23 bliain d’aois. Déantar é seo ionas gur féidir leis an leanbh an méid a tharla a thuiscint, toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh cuimhne acu air. Má tá níos mó ná leanbh amháin bainteach leis an scéal, ansin coinnímid an taifead níos giorra go dtí go mbíonn an leanbh is óige atá i gceist 23 bliain d’aois.

Cuirtear srianta dleathacha i bhfeidhm maidir leis an gceart rochtana ar eolas sa chás go bhfuil an t-eolas sin bainteach le scrúdú nó le fiosrúchán gearáin. D’fhéadfadh sé go mbeadh ceart rochtana agat ar do shonraí pearsanta ón gcomhlacht poiblí a chuir na sonraí pearsanta ar fáil dúinn.

Cearta agus leas leanaí a chur chun cinn

Tá oibleagáid reachtúil ar Oifig an Ombudsman do Leanaí cearta agus leas leanaí suas go dtí 18 mbliana d’aois a chur chun cinn. I measc na ndualgas atá ar Oifig an Ombudsman do Leanaí chun cearta agus leas leanaí a chur chun cinn, tá na nithe seo a leanas:

  • a fháil amach cé na rudaí a bhfuil imní ar leanaí agus ar dhaoine óga fúthu, agus a dtuairimí a chur in iúl don Rialtas agus do dhaoine eile a dhéanann cinntí maidir le leanaí agus le daoine óga
  • tacaíocht a thabhairt do dhaoine, lena n-áirítear leanaí agus daoine óga, eolas a fháil faoi chearta leanaí agus faoin gcaoi ar féidir cearta leanaí a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh
  • comhairle a chur ar Airí Rialtais agus ar dhaoine eile maidir le dlíthe agus le beartais phoiblí i leith chearta agus leas leanaí
  • eagraíochtaí poiblí a spreagadh chun oibriú ar bhealaí trína gcuirtear cearta agus leas leanaí chun cinn
  • taighde a dhéanamh ar shaincheisteanna maidir le cearta agus le leas leanaí.

Téann Oifig an Ombudsman do Leanaí i mbun teagmhála le leanaí, le daoine óga, le gairmithe agus le baill den phobal d’fhonn na dualgais seo a chur i bhfeidhm. Bailímid sonraí pearsanta faoi dhaoine de réir mar is gá agus mar is cuí. I measc na sonraí pearsanta, d’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith ann: ainm, seoladh, aois, agus cúinsí pearsanta, lena n-áirítear catagóirí speisialta de shonraí pearsanta amhail sláinte, gnéaschlaonadh, reiligiún agus eolas leighis ábhartha (mar shampla, eolas faoi riachtanais aiste bia má chuirimid bia ar fáil ag imeachtaí de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí). Tá sé mar aidhm againn an méid sonraí pearsanta a bhailímid a choinneáil chomh híseal agus is féidir, agus anaithnidiú a dhéanamh orthu gairid tar éis iad a bhailiú, nuair is gá agus nuair is féidir sin. Sa chás nach ndéantar anaithnidiú ar na sonraí pearsanta, coinnímid iad ar feadh uasmhéid 3 bliana sula scriosaimid iad.

D’fhéadfaimis conradh a thabhairt do chomhlacht taighde d’fhonn taighde a dhéanamh dúinn maidir le saincheisteanna i dtaca le saol leanaí agus le cearta leanaí ar mhaith linn níos mó a fhoghlaim fúthu De ghnáth, is é an comhlacht taighde an rialaitheoir sonraí, agus tá siad freagrach as an mbealach a bpróiseálann siad aon sonraí pearsanta atá i gceist. Cuirtear tuarascáil anaithnidithe ar fáil d’Oifig an Ombudsman do Leanaí ag deireadh an taighde.

obair Oifig an Ombudsman do Leanaí a chur chun cinn Obair Oifig an Ombudsman do Leanaí a chur chun cinn

Cuirimid feasacht faoinár gcuid oibre chun cinn ar bhealaí éagsúla. Déantar é seo trí bhíthin ár suíomh gréasáin, na meán sóisialta, foilseachán (lena n-áirítear ár dTuarascáil Bhliantúil), an phreasa/na meán agus liosta teagmhálaithe Oifig an Ombudsman do Leanaí, na cainteoireachta poiblí, agus trí imeachtaí agus ceardlanna inár n-oifigí agus in áiteanna eile.

Cuairteoirí ar an suíomh gréasáin

Bainimid úsáid as Google Analytics (GA) d’fhonn idirghníomhaíocht na n-úsáideoirí a rianú ar ár suíomh gréasáin. Tá cód GA suiteáilte againn ar ár suíomh, trína gcruthaítear comhad téacs amháin nó níos mó ar do ríomhaire (dá ngairtear “fianán”). Bíonn uimhir aitheantais sna fianáin, a úsáidtear chun do bhrabhsálaí a shainaithint go sainiúil agus chun gach suíomh a dtugann tú cuairt air agus ar a bhfuil GA cumasaithe a rianú.

Bainimid úsáid as na sonraí seo d’fhonn an líon daoine a bhaineann úsáid as ár suíomh a fháil amach, agus d’fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar an mbealach a dtagann siad ar ár leathanaigh ghréasáin agus ar an mbealach a n-úsáideann siad iad. Leis an eolas seo, is féidir linn an t-eolas a chuirimid ar fáil ar ár suíomh gréasáin agus na próisis le haghaidh gníomhartha, amhail teagmháil a dhéanamh linn, a fheabhsú go leanúnach. Is féidir linn é a úsáid freisin d’fhonn an líon daoine nua a thagann ar ár suíomh a mhéadú.

Stóráiltear na sonraí seo a leanas in Google Analytics:

  • Am na cuairte, na leathanaigh ar tugadh cuairt orthu, agus an t-am a caitheadh ar gach leathanach den suíomh gréasáin
  • Idirghníomhaíochtaí le giuirléidí a bhaineann go sonrach leis an suíomh
  • Sonraí an tsuímh atreoraithe (amhail an URL trína dtáinig úsáideoir d’fhonn ár suíomh a bhaint amach)
  • An cineál brabhsálaí gréasáin
  • An cineál córais oibriúcháin (OS)
  • Leagan Flash, tacaíocht JavaScript, taifeach an scáileáin, agus an cumas atá ann dathanna scáileáin a phróiseáil
  • Suíomh líonra agus seoladh IP
  • Íoslódálacha doiciméad
  • Cliceálacha ar naisc chuig suíomhanna gréasáin seachtracha
  • Earráidí nuair a líonann úsáideoirí foirmeacha isteach
  • Cliceálacha ar fhíseáin
  • Doimhneacht scrollaithe

Bailítear eolas fút freisin ag Google óna sheirbhís rianaithe agus próifílithe Doubleclick, ó aipeanna a fhaigheann tacaíocht fógraíochta ar do ghléas Android nó iOS, ó do ghníomhaíocht YouTube agus Gmail agus ó do chuntas Google. Cuirtear na sonraí seo le chéile agus baintear úsáid astu d’fhonn tátail a bhaint amach maidir le d’aois, d’inscne, do chuid spéiseanna, do chaitheamh aimsire, do nósanna siopadóireachta agus do chúinsí maireachtála

Do chearta

Má tá fianáin GA agat cheana féin, déanfar iad a nuashonrú leis an eolas is déanaí faoin gcuairt a thug tú ar ár suíomh.

Toisc nach féidir linn féin teacht ar aon sonraí pearsanta fút, ní muidne an Rialaitheoir Sonraí i leith do shonraí próifíle Google Analytics nó Doubleclick. Bheadh ort teagmháil a dhéanamh le Google go díreach d’fhonn an t-eolas seo a fháil.

Tá sé de cheart agat cur i gcoinne an rianaithe seo agus stop a chur leis. Féach an chéad rannán eile.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi na modhanna a úsáidimid, déan teagmháil linn le do thoil ag oco@oco.ie.

Conas is féidir liom cosc a chur ar mo rianú in Google Analytics?
Má mhothaíonn tú míchompordach leis an rianú seo, is féidir leat na bearta seo a leanas a ghlacadh:

Úsáideoirí Foirmeacha Teagmhála an tSuímh Gréasáin

Tá dhá fhoirm theagmhála ar líne éagsúla againn ar ár suíomh gréasáin:

Foirm Áirithinte Ceardlainne ar Líne

Más mian leat ár suíomh gréasáin a úsáid chun áirithint a dhéanamh do cheardlann ar chearta leanaí, bain úsáid as ár bhFoirm Áirithinte Ceardlainne ar Líne, le do thoil. Teastaíonn na sonraí pearsanta a chuireann tú ar fáil ar an bhfoirm seo uainn d’fhonn dul i dteagmháil leat arís faoi d’áirithint, agus chun cabhrú linn socruithe ceardlainne a dhéanamh lena bhfreastalaítear ar do chuid riachtanas agus ar riachtanais rannpháirtithe na ceardlainne. Coimeádfaidh Oifig an Ombudsman do Leanaí an t-eolas seo ar feadh uasmhéid 3 bliana tar éis na ceardlainne.

Foirm ghearáin ar líne

Más mian leat ár suíomh gréasáin a úsáid chun gearán a dhéanamh, bain úsáid as ár bhFoirm Ghearáin ar Líne, le do thoil. Sábhálaimid na sonraí a roinneann tú linn inár mbunachar sonraí. Bainimid úsáid as na sonraí a dtugann tú dúinn chun a fháil amach conas is féidir linn freagra a thabhairt ar an ngearán atá ardaithe agat linn. Bainimid úsáid as na sonraí freisin d’fhonn dul i dteagmháil leat arís maidir le do ghearán.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an mbealach a n-úsáidimid sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil i ndáil le gearáin, féach an rannán thuas maidir le ‘Daoine atá bainteach le scrúdú agus le fiosrúchán gearán de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí’.

Tá tuilleadh eolais faoinár ról gearáin a scrúdú agus a fhiosrú ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Má tá aon cheist agat faoi ghearán a dhéanamh, is féidir leat glaoch orainn chomh maith ar an Uimhir Shaorghlao 1800 20 20 40 nó ríomhphost a sheoladh chugainn ag ococomplaint@oco.ie.

 

Na Meáin Shóisialta

D’fhéadfá teacht ar Oifig an Ombudsman do Leanaí ar Facebook, Twitter, Instagram, YouTube, Vimeo agus AudioBoom trí do líonraí féin nó trí naisc chucu a leanúint ó shuíomh gréasáin Oifig an Ombudsman do Leanaí. Bainimid úsáid as na hardáin seo d’fhonn eolas agus oideachas a chur ar dhaoine, agus iad a tharraingt isteach, maidir le cearta leanaí agus lenár gcuid oibre.

Ní phróiseáiltear sonraí pearsanta in Oifig an Ombudsman do Leanaí ó ardáin na meán sóisialta.

Bainimid úsáid as ardáin na meán sóisialta toisc gur uirlis luachmhar iad dúinn d’fhonn feasacht a mhúscailt faoin obair a dhéanaimid le luchtanna féachana éagsúla. Is aonáin thráchtála iad na cuideachtaí ar leo na hardáin meán sóisialta seo. Ba mhaith linn a mheabhrú duit go bhféadfaí an t-eolas a roinneann tú ar ár n-amlínte, ar leathanaigh nó i dteachtaireachtaí príobháideacha ar ár meáin shóisialta a úsáid nó a dhíol ag na cuideachtaí seo chun críocha tráchtála.

Liostaí Postála don Phreas/do na Meáin agus do Leantóirí Oifig an Ombudsman do Leanaí

Baineann Oifig an Ombudsman do Leanaí úsáid as comhpháirtí meán, MediaHQ, chun nuacht agus eolas a fhoilsiú faoi Oifig an Ombudsman do Leanaí. Cuireann ár gcomhpháirtí meán a liosta teagmhálaithe le chéile trí chlárúcháin ar a suíomh gréasáin. Nílimid freagrach as a ngníomhaíochtaí, agus ba cheart duit teagmháil a dhéanamh lenár gcomhpháirtí meán go díreach d’fhonn tuilleadh eolais a fháil agus d’fhonn do chearta sonraí a agairt.

Coinnítear liosta teagmhálaithe in Oifig an Ombudsman do Leanaí do pháirtithe leasmhara, agus roinnimid nuacht leo faoi Oifig an Ombudsman do Leanaí. Déantar é seo ar mhaithe lenár leasanna dlisteanacha chun cearta agus leas leanaí a chur chun cinn. Má tá tú ar ár liosta teagmhálaithe, is féidir leat cliceáil ar ‘díliostáil’ ag am ar bith.

Imeachtaí agus Ceardlanna de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí.

Nuair a fhreastalaíonn tú ar imeacht nó ar cheardlann de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí, d’fhéadfadh sé go mbeadh d’ainm agus do shonraí teagmhála ag teastáil uainn ionas gur féidir linn teagmháil a dhéanamh leat faoin imeacht nó faoin gceardlann. Bailímid eolas faoi chúrsaí bia freisin sa chás go mbímid ag cur bia ar fáil. Próiseálaimid an t-eolas seo ar mhaithe lenár leasanna dlisteanacha. Sa chás go mbailímid catagóirí speisialta sonraí, beidh do thoiliú ag teastáil uainn.

Nuair a dhéanann tú áirithint do cheardlann trínár suíomh gréasáin, iarraimid ort eolas áirithe a chur ar fáil ionas gur féidir linn dul i dteagmháil leat arís agus socruithe a dhéanamh lena bhfreastalaítear ar do chuid riachtanas agus ar riachtanais rannpháirtithe na ceardlainne (féach ‘Foirm Áirithinte Ceardlainne ar Líne’ thuas chun tuilleadh eolais a fháil).

I gcás imeachtaí agus ceardlanna de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí, iarraimid toiliú chun grianghraif ghrúpa agus aonair a ghlacadh ionas gur féidir le hOifig an Ombudsman do Leanaí feasacht a mhúscailt faoin obair a dhéanaimid – féach an rannán ar ‘Grianghraif, Físeáin agus Taifeadtaí Fuaime’ thíos le do thoil. Mura dtugann tú féin agus/nó baill de do ghrúpa toiliú do ghrianghraif, d’fhíseáin nó do thaifeadtaí fuaime a bheith á ndéanamh ag imeacht nó ag ceardlann de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí, ansin tá an ceart sin agat. Tá fáilte fós romhat féin agus roimh bhaill de do ghrúpa teacht chuig an imeacht nó chuig an gceardlann.

Coimeádfaidh Oifig an Ombudsman do Leanaí an t-eolas seo ar feadh uasmhéid 3 bliana tar éis an imeachta nó na ceardlainne.

Má tá tú mar chainteoir ag imeacht de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí, déanfaimid do rannpháirtíocht a chur chun cinn go poiblí trí bhíthin ardáin na meán sóisialta agus trí chumarsáid a dhéanamh leis an bpreas nó leis na meáin. D’fhéadfaí leanúint leis na sonraí seo a phróiseáil ag soláthraithe na n-ardán sin tar éis don imeacht críochnú. Ní dhéanfaimid é seo ach amháin sa chás go mbeidh do thoiliú faighte againn don phróiseáil seo. Má tá tú faoi bhun 18 mbliana d’aois, ansin beidh toiliú do thuismitheora nó do chaomhnóra ag teastáil uainn, chomh maith le do chead féin, d’fhonn do shonraí pearsanta a úsáid chun an t-imeacht a chur chun cinn.

Más mian leat seomra a chur in áirithe inár n-oifigí le haghaidh imeacht príobháideach ag eagraíocht a n-oibríonn tú léi nó a bhfuil tú bainteach léi, níl uainn ach do shonraí teagmhála ionas gur féidir linn dul i dteagmháil leat arís maidir le d’iarratas.

Toiliú agus Aontú 

Déantar do thoiliú nó d’aontú chun freastal ar ár gceardlanna a thaifeadadh in Oifig an Ombudsman do Leanaí trí leas a bhaint as foirm ghréasáin. Tabharfar cuireadh duit do thoiliú a shíniú trí ríomhphost trína ndíreofar chuig foirm ghréasáin DocuSign tú. Úsáidfear d’ainm agus ainm do linbh, bhur seoltaí ríomhphoist, bhur sínithe leictreonacha, bhur seoltaí IP agus stampaí ama toilithe ar an bhfoirm ghréasáin. Is féidir leat doiciméad Oifig an Ombudsman do Leanaí a shíniú ar líne agus níl aon oibleagáid ort cuntas DocuSign a chruthú ná a gcuid fianán a ghlacadh. Sa chás go mbaineann leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois úsáid as DocuSign, tá sé tábhachtach go gcuirtear an tuismitheoir/caomhnóir ar an eolas faoin ngné seo ionas gur féidir an leanbh a spreagadh chun neamhaird a dhéanamh den chuireadh córais seo. Íoslódálfar na sonraí a thaifeadtar chuig ár líonra féin agus laghdófar iad go dtí na sonraí a theastaíonn uainn, is é sin, imeacht, ainm, toiliú/aontú agus stampaí ama. Scriosfar na bunshonraí ó DocuSign tar éis 3 mhí. Coimeádfar na sonraí atá fágtha ar feadh 3 bliana laistigh dár líonra.

Grianghraif agus Taifeadtaí Fuaime

Nuair a fhreastalaíonn tú ar imeacht de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí, tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfaimis úsáid a bhaint as íomhánna de ghrúpaí nó de shluaite ón imeacht inár dtuarascáil bhliantúil, i bhfoilseacháin eile de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí, ar ár suíomh gréasáin agus sna meáin shóisialta. Déantar é seo ar mhaithe lenár leasanna dlisteanacha d’fhonn obair Oifig an Ombudsman do Leanaí a chur chun cinn.

D’fhéadfaimis grianghraif, físeáin nó taifeadtaí fuaime a ghlacadh freisin trína n-aithnítear daoine aonair. Ní phróiseálfaimid grianghraif, físeáin agus taifeadtaí fuaime trína n-aithnítear tú ach amháin sa chás go bhfuil do thoiliú tugtha agat d’úsáid na ngrianghraf, na bhfíseán agus na dtaifeadtaí fuaime sin. Má tá tú faoi bhun 18 mbliana d’aois, ní phróiseálfaimid grianghraif, físeáin agus taifeadtaí fuaime trína n-aithnítear tú ach amháin sa chás go bhfuil toiliú do thuismitheora nó do chaomhnóra againn, chomh maith le do chead féin.

Sa chás go mbíonn toiliú againn, ansin d’fhéadfaí ainmneacha, grianghraif/íomhánna, físeáin agus fuaim a nochtadh do chlódóirí, do chomhpháirtithe dearaidh agus bainistíochta suíomhanna gréasáin, agus d’ardáin na meán sóisialta agus trí fhoilseacháin, shuíomhanna gréasáin agus chuntais mheán sóisialta comhfhreagracha de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí.

Coimeádfaidh Oifig an Ombudsman do Leanaí na grianghraif/íomhánna, na físeáin agus na taifeadtaí fuaime seo ar feadh 3 bliana.

TCI (Teilifís Chiorcaid Iata / CCTV)

Baintear úsáid as córas TCI (Teilifís Chiorcaid Iata) in oifigí Oifig an Ombudsman do Leanaí. Próiseáiltear na sonraí pearsanta seo ar mhaithe lenár leasanna dlisteanacha d’fhonn coireacht a chosc, iompar frithshóisialta a chosc, ar mhaithe le sábháilteacht ár bhfoirne agus d’fhonn Oifig an Ombudsman do Leanaí agus a cuid maoine a chosaint. Coinnímid na híomhánna ar feadh 30 lá.

Déanann tiarna talún ár bhfoirgnimh córas TCI a chothabháil freisin. Níl aon fhreagracht ar Oifig an Ombudsman do Leanaí as córas TCI an tiarna talún.

Iarratasóirí poist agus baill foirneIarrthóirí Poist agus Foireann

Baintear úsáid as Sigmar Recruitment in Oifig an Ombudsman do Leanaí d’fhonn daoine a earcú le haghaidh post in Oifig an Ombudsman do Leanaí. Tá eolas faoin mbealach a n-úsáidtear agus a gcoinnítear sonraí pearsanta in Sigmar Recruitment ar fáil ina ráiteas príobháideachais sin. Má tá tú ag déanamh iarratais ar phost in Oifig an Ombudsman do Leanaí trí Sigmar Recruitment, agus má tá aon cheist agat faoin mbealach a bpróiseáiltear do shonraí pearsanta in Sigmar Recruitment, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Sigmar Recruitment go díreach.

Sa chás go mbunaítear painéal do phost buan fostaíochta in Oifig an Ombudsman do Leanaí, coimeádfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí a chuirtear ar an bpainéal in Sigmar Recruitment ar feadh ré an phainéil (uasmhéid 2 bhliain). Nuair a chuirtear deireadh le painéal ar leith, scriosfar nó glanfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí atá ar an bpainéal sin.

Má thosaíonn tú d’fhostaíocht in Oifig an Ombudsman do Leanaí, cuirfimid comhad le chéile faoi d’fhostaíocht. Coinnímid an t-eolas sa chomhad seo go slán, agus ní úsáidfimid é ach amháin le haghaidh cúrsaí atá bainteach go díreach le d’fhostaíocht. I measc an eolais seo, d’fhéadfadh d’ainm, do shonraí teagmhála, do dháta breithe, ainm agus sonraí teagmhála do neasghaoil, taifid tinrimh, saoire, taifid tuarastail, eolas cuntais bainc agus sonraí cánachais a bheith ann.

D’fhéadfaí taifid roghnaithe foirne a nochtadh do Ranna eile Rialtais chun críocha soghluaisteachta / ardaithe céime / staitisticí. Nochtar sonraí pearsanta na foirne do chuntasóirí Oifig an Ombudsman do Leanaí chun críocha párolla agus iniúchóireachta, agus coinnítear ag na cuntasóirí sin iad, chomh maith le bheith á gcoinneáil inár mbainc agus sna Coimisinéirí Ioncaim.

Nuair a éiríonn tú as an obair linn, coimeádfaimid do chomhad pearsanra de réir ár dtreoirlínte um choinneáil taifead. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn d’fhonn tuilleadh a fháil amach faoi seo.

Do Chearta Sonraí

Mar dhuine aonair, tá na cearta seo a leanas agat:

  • an ceart chun go gcuirfí ar an eolas tú (arb é sin an aidhm atá leis an ráiteas príobháideachais seo)
  • an ceart chun rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta a choinnítear fút, faoi réir srianta dleathachaan
  • ceart chun cur i gcoinne na margaíochta dírí
  • an ceart chun cur i gcoinne próiseála a dhéantar ar bhonn leasanna dlisteanacha
  • an ceart chun scriosta (i roinnt cúinsí)
  • an ceart chun iniomparthachta sonraían ceart chun iniomparthacht sonraí
  • an ceart go ndéanfaí do shonraí pearsanta a cheartú má bhíonn siad míchruinn
  • an ceart go gcuirfí srian le do shonraí pearsanta nó go gcuirfí bac ar iad a phróiseáil

Má phróiseáiltear do shonraí pearsanta ar bhonn do thoilithe, tá an ceart agat do thoiliú a tharraingt siar ag am ar bith.

Chun aon cheann de na cearta seo a fheidhmiú, déan teagmháil linn, le do thoil, trí úsáid a bhaint as aon cheann de na roghanna sa rannán ‘Conas teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman do Leanaí’ thíos.

Mura bhfuil tú sásta leis an mbealach a láimhseáladh do shonraí pearsanta in Oifig an Ombudsman do Leanaí, agus mura bhfuil tú in ann an fhadhb a réiteach linn go pearsanta, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.

Conas teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman do Leanaí

Má tá aon cheist agat maidir leis an bpróiseáil a dhéantar ar do shonraí pearsanta in Oifig an Ombudsman do Leanaí, nó más mian leat aon cheann de do chearta mar ábhar sonraí a fheidhmiú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí (XpertDPO) trí:

  • ríomhphost a sheoladh chuig oco@xpertdpo.com
  • ghlaoch a chur ar (01) 8656800
  • scríobh chuig Oifig an Ombudsman do Leanaí, Teach na Mílaoise, 52-56 Sráid na Trá Mhór, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P8.