Skip to main content

Tá tú anseo:  

Cosaint ar obair a dhéanann díobháil duit

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat a bheith sábháilte ó obair a dhéanann dochar duit. Agus tú fós i do leanbh, ba chóir duit díriú ar oideachas a fháil.

I roinnt tíortha, cuirtear iallach ar leanaí dul chun na hoibre, rud nach bhfuil cothrom.

SAMPLA: In Éirinn tá dlíthe ann a chosnaíonn leanaí agus maítear nach féidir leat oibriú má tá tú faoi bhun 14 bliana d’aois, agus nach féidir leat obair ach amháin ar feadh méid áirithe uaireanta nuair atá tú 14 bliana d’aois.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo


An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?

  • San Achta um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996, mínítear na cearta go léir atá ag leanaí má bhíonn siad ag obair in Éirinn.
  • Ní féidir leat obair ach amháin má tá os cionn 14 bliana d’aois.
  • Nuair atá tú 14 bliana d’aois, is féidir leat obair ar feadh suas le 35 uair an chloig sa tseachtain le linn laethanta saoire ón scoil.
  • Toisc gur leanbh tú, tá cearta speisialta agat. Ba chóir go mbeadh sosanna agat má tá tú ag obair ar feadh tréimhse áirithe ama.

  • Faisnéis do Shaoránaigh – Cearta atá ag daoine óga atá fostaithe
  • Cartún do Chearta Leanaí – Féach ar chartún gairid, a ceapadh do thionscnamh CÉINAL um Chartúin do Chearta Leanaí
  • Youth Connect – Oibríonn an eagraíocht seo chun a chinntiú go bhfuil a fhios ag daoine óga faoina gcearta má bhíonn siad ag obair