Skip to main content

Tá tú anseo:  

Teanga, Cultúr agus Creideamh

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat do chultúr, do theanga agus do chreideamh féin a chleachtadh nó cinn eile a roghnú.

Is féidir leat teanga ar bith a roghnaíonn do theaghlach a labhairt sa bhaile, ach seans go mbeidh ort teanga áirithe a labhairt ar scoil.

SAMPLA: Tugtar láithreáin stad speisialta don phobal taistealaithe chun cónaí iontu ós rud é go bhfuil sé ina chuid dá gcultúr a bheith ag taisteal timpeall.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo


An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?

  • Tá saoirse creidimh ar ceann de do chearta bunúsacha faoi Bhunreacht na hÉireann. Is é is ciall leis sin ná nach féidir le duine ar bith bac a chur ort do chreideamh féin a chleachtadh in Éirinn.
  • Is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil in Éirinn. Aithnítear an Béarla mar theanga oifigiúil eile.
  • Má tá tú i dtrioblóid faoin dlí, tá sé de cheart agat éisteacht chúirte i nGaeilge a iarraidh agus ní mór dóibh fanacht go mbeidh breitheamh agus dlíodóirí ar fáil ar féidir leo do thriail a sholáthar i nGaeilge.
  • Tá Éire ag éirí níos ilchultúrtha anois agus tá go leor teangacha nua amhail an Rúisis, an Pholainnis agus an Liotuáinis á scrúdú mar chuid den Ardteist gach bliain.

  • Clár na Brataí Buí – Le Clár na Brataí Buí, cuirtear ionchuimsiú chun cinn agus déantar éagsúlachta a cheiliúradh i mbunscoileanna agus i meánscoileanna
  • Pavee Point – Faigh amach faoi Thaistealaithe na hÉireann agus na Romaigh ó Ionad Taistealaithe agus Romach Pavee Point.
  • Foras na Gaeilge – Tá Foras na Gaeilge freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann.
  • Seachtain na Gaeilge – Tuilleadh eolais maidir le Seachtain na Gaeilge, féile bliantúil idirnáisiúnta.
  • The Ark – Is ionad cultúir é seo le haghaidh leanaí idir 2 agus 12 bliain d’aois.
  • Music Generation – Suim agat i gcúrsaí ceoil? Caith súil ar an obair a dhéanann Music Generation ar fud na tíre.
  • Baboró – is féile ealaíon idirnáisiúnta le haghaidh leanaí é Baboró, bunaithe i nGaillimh.
  • An Cumann Náisiúnta um Dhráma na nÓg – Tá amharclanna don óige ar fud na tíre. Tuilleadh eolais ar fáil ón gCumann Náisiúnta um Dhráma na nÓg.
  • Fighting Words – Faigh amach faoin ionad scríbhneoireacht cruthaithí seo. Agus léigh roinnt scéalta leanaí freisin!
  • Oíche Chultúir – Is ócáid phoiblí bhliantúil uile-oileánda é seo a dhéanann cultúr, cruthaitheacht agus na healaíona in Éirinn a cheiliúradh.
  • Lá na hAfraice – Ceiliúradh ar chultúr agus oidhreacht na hAfraice in ionaid éagsúla ar fud na tíre
  • EQUITAS – ‘Talyat – Malyat’. Gníomhaíocht le haghaidh leanaí 9-10 mbliana d’aois chun iniúchadh a dhéanamh ar an gceart chun a dteanga agus a gcultúr féin a cheiliúradh. In Play It Fair! Sraith Straitéisí Oideachais do Leanaí maidir le Cearta an Duine (2009), lch 18.