Skip to main content

Tá tú anseo:  

Tú féin a chur in iúl

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat tú féin a chur in iúl agus an méid a cheapann tú a roinnt, ach amháin má dhéanann sé dochar duit nó do dhaoine eile.

Ní féidir le duine ar bith a rá leat cad ba chóir duit a rá ná ceapadh, tá sé de cheart agat tú féin a chur in iúl i gcaoi a bhfuil ciallmhar duit, ar nós amhránaíocht, damhsa, tarraingt nó scríbhneoireacht.

SAMPLA: Is minic a chuirtear ceist ort ar scoil faoi do thuairim.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo


An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?

  • Is minic a spreagtar tú ar scoil chun tú féin a chur in iúl agus do thuairim a thabhairt ar rudaí éagsúla.
  • Tá Guth na Scoláirí á spreagadh i scoileanna ag na daoine a scríobhann na scrúduithe agus an curaclam ar scoil (an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM). Iarrann sé seo ar scoileanna ligean do dhaltaí iad féin a chur in iúl agus níos mó focail a bheith acu maidir leis an gcaoi a bhfoghlaimíonn siad ar scoil.
  • Tá sé an-éasca tú féin a chur in iúl ar líne na laethanta seo, tá go leor ardán ann a ligean duit a bheith cruthaitheach.
  • Is éard atá i gceist le cinsireacht ná nuair a deir an Rialtas nach gceadaítear duit labhairt faoi rudaí áirithe, nó má labhraíonn tú amach agus má bhíonn tú ag gearán faoi rud éigin, inseoidh an Rialtas duit a bheith ciúin má cheapann siad go bhfuil an rud a deir tú díobhálach do dhaoine eile.
  • Sraith rialacha is ea an Bunreacht a chabhraíonn le tír í féin a reáchtáil.
  • I mBunreacht na hÉireann, ar cheann de do chearta bunúsacha é an ceart chun tú féin a chur in iúl gan srian, cé nach féidir leat dochar a dhéanamh do dhaoine eile nó iad a ghortú leis an méid a deir tú.