Skip to main content

Tá tú anseo:  

Príobháideacht

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá an ceart chun príobháideachta agat.

Is leatsa iad do chuid téacsanna, litreacha agus dialanna.

SAMPLA: Mura dteastaíonn cabhair uait, níor chóir do dhuine ar bith dul isteach i do sheomra feistis nó sa leithreas má bhíonn tú ann gan do chead.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo


  • Tá dlíthe i bhfeidhm in Éirinn a chosnaíonn do phríobháideacht. Ní féidir le duine ar bith briseadh isteach i do theach mar is do mhaoin phríobháideach é seo.
  • Tá dlíthe eile ann ina luaitear nach féidir le heagraíochtaí do shonraí pearsanta (ainm / seoladh / aois) a choinneáil ar feadh tréimhse fhada mar go bhfuil siad seo príobháideach duit.
  • Ní féidir le nuachtáin, nuacht teilifíse agus raidió ainmneacha leanaí a ainmniú má bhíonn siad páirteach i gcásanna cúirte. Cosnaíonn sé seo d’ainm agus do phríobháideacht.
  • Oibríonn eagraíochtaí ar nós an Choimisinéara Cosanta Sonraí agus Webwise chun cabhrú le daoine óga eolas a fháil faoi shonraí agus a gcuid príobháideachta ar líne.