Skip to main content

Tá tú anseo:  

Leas an linbh

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat go ndéanann gach duine a thugann aire duit breithniú ar an rud a bheidh chun do leasa.

Ní mór do bhreithimh, múinteoirí, tuismitheoirí agus oibrithe sóisialta breithniú ar an rud a bheidh chun leasa na leanaí lena n-oibríonn siad agus atá faoina gcúram.

Sampla: Níor chóir do dhuine fásta cead a thabhairt duit fanacht i do shuí an oíche ar fad ag imirt físchluichí toisc nach mbeadh sé sin go maith duit.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo


An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?

  • In Éirinn, ní mór do bhreithimh breithniú a dhéanamh ar an rud a bheidh chun leasa an linbh agus cinneadh á dhéanamh acu ar chúrsaí teaghlaigh sa chúirt.
  • Déantar an ceart seo a chothromú i gcoinne cearta eile.
  • Sampla: má cheapann do thuismitheoirí go bhfuil tú i dtrioblóid, d’fhéadfaidís do théacsteachtaireachtaí a léamh (rud a bheadh i gcoinne do chearta chun príobháideachais.)

  • Barnardos – Oibríonn Barnardos ar son agus le leanaí soghonta in Éirinn
  • Oibríonn EPIC – Oibríonn EPIC ar son leanaí atá i gcúram agus tugann sé deis cainte dóibh
  • Cumann na hÉireann um Chosaint LeanaÍ – carthanas cosanta leanaí na hÉireann.
  • Líne Chabhrach na Leanaí – is seirbhís éisteachta í seo atá á cur ar fáil ag Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí. Is féidir glaoch a chur ar 1800666666 nó téacsteachtaireacht saor in aisce a sheoladh chuig 50101