Skip to main content

Tá tú anseo:  

Cosaint ó chogadh

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat a bheith cosanta má tharlaíonn cogadh i do thír féin.

Má tharlaíonn cogadh, tá sé de cheart agat dul chuig tír shábháilte agus ba chóir dóibh áit shábháilte a thabhairt duit fanacht.

SAMPLA: In Éirinn, ní mór duit a bheith 18 mbliana d’aois chun dul isteach san arm.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo


  • In Éirinn, ní cheadaítear duit dul isteach san arm go dtí go bhfuil tú 18 bliana d’aois.
  • Is tír neodrach í Éire, rud a chiallaíonn nach mbímid ag gabháil le ceachtar taobh má bhíonn cogaí ann.
  • Más leanbh thú a chaithfidh tír a fhágáil mar gheall ar chogadh, tugtar dídeanaí ort uaireanta. Ba chóir go dtabharfaí áit shábháilte duit chun bheith i do chónaí agus níor cheart go mbeadh ort dul ar ais chuig do thír féin mura bhfuil sé sábháilte é a dhéanamh.