Skip to main content

Tá tú anseo:  

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat bia folláin a bheith agat. Cabhraíonn sé leat fanacht beo, sláintiúil agus folláin.

Déanann an Rialtas iarracht a chinntiú ar bhealaí éagsúla go n-itheann tú bia folláin. Bíonn fógraí ar an teilifís agus ar an raidió chun a mheabhrú duit bia folláin a ithe.

SAMPLA: I scoileanna áirithe, bíonn clubanna bricfeasta agus béilí teo ann a chabhraíonn leat bia folláin a ithe.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo


  • Tá an ceart seo ina chuid den ceart atá agat a bheith beo agus a bheith chomh sláintiúil agus is féidir.
  • De réir Airteagal 24 de CNACL ““Tá sé de cheart agat na nithe seo a fháil: an cúram sláinte is fearr agus is féidir, uisce óil sábháilte, bia cothaitheach, timpeallacht ghlan agus shábháilte, agus eolas chun cuidiú leat fanacht slán.”
  • De réir Airteagal 27 de CNACL “Tá sé de cheart agat bia, éadaí agus áit shábháilte chónaithe a bheith agat agus go bhfreastalófaí ar do riachtanais bhunúsacha. Níor chóir go mbeifeá faoi mhíbhuntáiste sa chaoi is nach bhféadfá a lán rudaí a dhéanamh a dhéanann leanaí eile.”
  • In Éirinn, bíonn an t-uisce a thagann ón sconna glan de ghnáth. Tá sé de chúram ar an Rialtas an t-uisce a chur ina cheart mura bhfuil sé sábháilte le hól.
  • Déanann an Rialtas iarracht bia mífholláin a dhéanamh costasach agus tá suíomhanna gréasáin éagsúla ar a bhfuil eolas do thuismitheoirí maidir le bia folláin do leanaí.
  • Ní thugann an Rialtas bia amach saor in aisce, ach cabhraíonn sé le scoileanna áirithe bricfeasta agus lón a chur ar fáil do dhaltaí.