Skip to main content

Tá tú anseo:  

Oideachas

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat dul ar scoil agus oideachas ardchaighdeáin a fháil saor in aisce.

Ní mór don Rialtas a chinntiú go bhfaigheann tú oideachas go dtí go mbeidh tú 16 bliana d’aois, nó go cuirfidh tú na chéad trí bliana den mheánscoil i gcrích.

SAMPLA: Ní mór don Rialtas a chinntiú go dtógtar scoileanna ardchaighdeáin agus go gcabhraíonn múinteoirí leat dul i mbun foghlama.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo


  • Tá sé de cheart agat dul ar scoil saor in aisce.
  • Is féidir le do thuismitheoirí oideachas a chur ort sa bhaile ach ní mór don Rialtas a chinntiú go bhfaigheann tú caighdeán íosta oideachais ar a laghad.
  • Tá sé de cheart agat Comhairle Mac Léinn a bheith i meánscoileanna in Éirinn. Cabhraíonn sé seo leat deis cainte a bheith agat maidir le mar a reáchtáiltear cúrsaí i scoileanna.