Skip to main content

Tá tú anseo:  

Deis cainte

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat deis cainte a bheith agat maidir le rudaí atá tábhachtach duit, agus ba chóir do dhaoine fásta stór a chur ann.

Tá sé tábhachtach go lorgaíonn daoine fásta do thuairim ach ní gá dóibh déanamh dá réir sin.

SAMPLA: Má tá leabharlann nó clós súgartha le tógáil le haghaidh leanaí, ba chóir tuairimí na leanaí a lorg.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo


An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?

  • I roinnt bunscoileanna, bíonn comhairle mac léinn a thugann deis cainte do leanaí.
  • Tugann grúpaí don óige amhail Comhairle na nÓg agus Foróige cuireadh do leanaí a bheith páirteach ina bpobail féin agus deis cainte a bheith acu ó thaobh mar a reáchtáiltear cúrsaí.
  • Agus cinntí á ndéanamh ag breithimh i gcásanna cúirte a bhaineann le saol an teaghlaigh, ní mór dóibh anois tuairimí leanaí a lorg agus breithniú a dhéanamh ar na tuairimí sin. Ba chóir dóibh stór a chur san eolas sin, i ndiaidh aois agus aibíocht an linbh a chur san áireamh.
  • Ba chóir do dhaoine fásta a oibríonn le leanaí, amhail múinteoirí, oibrithe sóisialta agus dochtúirí, éisteacht le guth leanaí agus iad i mbun a gcuid oibre, go mór mór má tá cinntí le déanamh acu a théann i bhfeidhm ar na leanaí sin.

  • CLG – Faigh amach an obair atá á déanamh ag CLG chun tuairimí daoine óga a fháil.
  • Samhlaigh do Chearta – In 2015, d’oibrigh leanaí agus daoine óga leis an gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí agus Ciste Éigeandála Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe do Leanaí (CEINAP) chun tuarascáil a chur le chéile le haghaidh Coiste na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Linbh ina leagtar amach saincheisteanna atá tábhachtach do leanaí in Éirinn.
  • Saol an Duine Óig in Éirinn – In 2011, roinn breis agus 65,000 leanaí agus daoine óga a dtuairimí leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige maidir lena saol in Éirinn