Skip to main content

Tá tú anseo:  

Náisiúntacht

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat náisiúntacht a bheith agat agus chun tíre is dual duit.

Ag brath ar náisiúntacht do thuismitheoirí, is féidir leat dhá náisiúntacht agus dhá phas a bheith agat más mian leat.

SAMPLA: Tá sé tábhachtach náisiúntacht a bheith agat agus a bheith i do shaoránach de thír. Ciallaíonn sé go bhfuil na cearta go léir agat a thugtar leis na dlíthe atá i bhfeidhm sa tír sin.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo


An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?

  • Má rugadh tú in Éirinn agus má tá tuismitheoirí Éireannacha agat, is saoránach Éireannach tú go huathoibríoch agus is féidir leat iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach.
  • Má rugadh tú in Éirinn agus mura bhfuil tuismitheoirí Éireannacha agat, caithfidh tú a chruthú gur chónaigh tú in Éirinn ar feadh tréimhse áirithe ama agus ansin is féidir leat iarratas a dhéanamh ar do phas Éireannach .
  • Deirtear go bhfuil tú ‘gan stát’ mura bhfuil aon náisiúntacht agat agus mura mbaineann tú le tír ar bith.

  • Gníomhaireacht Dhídeanaithe na NA   – Faigh amach cad is brí le bheith ‘gan stát’ ó Ghníomhaireacht Dídeanaithe na NA
  • Humanium – Faigh amach níos mó faoi cheart leanaí chun céannachta, lena n-áirítear ceart chun ainm agus náisiúntachta
  • Migrants Rights Council Ireland – Cén chaoi a mothaítear nuair atáthar gan stát? Físeán de dhaoine óga a bhfuil cónaí orthu in Éirinn ag roinnt a gcuid taithí i Young Paperless agus Powerful.