Skip to main content

Tá tú anseo:  

Cúram Sláinte

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat uisce óil sábháilte, bia cothaitheach, timpeallacht ghlan agus shábháilte, agus eolas a bheith agat chun cabhrú leat fanacht slán.”

Tá sé de cheart agat cúram sláinte a fháil.

SAMPLA: Má tá tú faoi bhun 6 bliana d’aois, is féidir leat dul chuig an dochtúir saor in aisce.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo


  • Is féidir leat dul chuig an dochtúir ginearálta saor in aisce má tá tú faoi bhun 6.
  • Tá sé beartaithe cuairteanna chuig an dochtúir ginearálta a bheith saor in aisce do leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois ach níl sé sin curtha i bhfeidhm fós.
  • Faigheann leanaí cúpla cuairt saor in aisce chuig an bhfiaclóir.
  • Tá go leor suíomhanna gréasáin ann maidir le cúrsaí sláinte atá á reáchtáil ag an Rialtas agus a thugann eolas do do thuismitheoirí chun cabhrú leat fanacht sláintiúil.
  • Ba chóir go mbeadh an t-uisce a ólann tú in Éirinn glan agus, mura bhfuil, tá an Rialtas freagrach as rabhadh a thabhairt duit maidir leis sin agus é a chur ina cheart.