Skip to main content

Tá tú anseo:  

Slán Sábháilte

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat a bheith sábháilte agus cosanta ó bhaol.

Níor cheart do dhuine ar bith tú a ghortú d’aon ghnó nó iallach a chur ort rud ar bith a chuireann ar neamhshuaimhneas tú, amhail rún a choinneáil nó rud ar bith faoina mbraitheann tú neamhshábháilte.

Sampla: Tá dlíthe i bhfeidhm in Éirinn a dhéanann leanaí a chosaint agus a deir nach féidir leanaí a ghortú d’aon ghnó ná caitheamh do dona leo.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo


An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?

  • Tá sé de dhualgas ar do theaghlach aire a thabhairt duit agus tú a choinneáil slán.
  • Mura bhfuil sé sábháilte, ar chúis ar bith, tú a fhágáil le do thuismitheoirí, tá sé de dhualgas ar an Rialtas aire a thabhairt duit agus tú a choinneáil sábháilte.
  • Oibríonn an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla) agus an Garda Síochána le chéile chun a chinntiú go bhfuil leanaí in Éirinn sábháilte agus go dtugtar aire dóibh.
  • Mura bhraitheann tú sábháilte, nó má tá tú buartha faoi rud ar bith, is féidir glaoch a chur ar Líne Chabhrach na Leanaí, nó téacs a sheoladh chuici, ar 1800666666. Má tá tú i gcontúirt, ba chóir glaoch a chur na Gardaí ar 999.
  • Ba chóir duit a bheith sábháilte ar líne freisin. Gach Feabhra, bíonn an Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte ar siúl agus is lá é nuair is ceart breithniú a dhéanamh ar shábháilteacht ar líne.

  • Líne Chabhrach na Leanaí, – Is seirbhís éisteachta do leanaí é Líne Chabhrach na Leanaí
  • Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí – Reáchtálann Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí Feachtas na Scéithe i gcoinne na bulaíochta
  • Belong To – Faigh amach faoin bhfeachtas ‘Stand Up’ atá á reáchtáil ag Belong To i gcoinne na bulaíochta homofóbaí agus trasfhóbaí
  • Barnardos – Tá eolas ag Barnardos le haghaidh daoine óga maidir leis an gceart chun sábháilteachta, lena n-áirítear roinnt seirbhísí a bhféadfadh daoine óga teagmháil a dhéanamh leo.
  • Tusla – Tá eolas ag an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach don phobal, lena n-áirítear daoine óga, i ndáil le conas tuairisciú a dhéanamh má tá imní ann go bhfuil leabh i mbaol