Skip to main content

Ainm

7-12

years

old

Cad a chiallaíonn sé seo?

Deir an CNACL go bhfuil sé de cheart agat ainm agus céannacht a bheith agat.

Tá sé de cheart agat fios a bheith agat cé thú féin.

Nuair a bheirtear thú, tá sé de fhreagracht ar do thuismitheoirí do bhreith a chlárú ionas go mbeidh taifead oifigiúil ag an rialtas ar cé thú féin.  Nuair atá tú cláraithe, is féidir leat a bheith faoi chosaint ag na dlíthe i do thír féin.

In Éirinn, a luaithe a chláraíonn do thuismitheoirí thú, tugtar teastas breithe agus d’uimhir aitheantais phearsanta féin duit ar a dtugtar uimhir PSP.  Ligeann an uimhir seo duit seirbhísí tábhachtacha a úsáid a theastaíonn ó gach leanbh mar ospidéil agus scoileanna.

An raibh a fhios agat?

Níl na milliúin leanaí ar fud an domhain cláraithe nuair a rugadh iad. 

Is iad leanaí atá bocht i gceantair thuaithe is mó atá thíos leis toisc go bhfuil ionaid chlárúcháin i bhfad rófhada óna dtithe nó toisc go bhfuil sé róchostasach do thuismitheoirí a leanaí a chlárú.

Is minic a chailltear doiciméid aitheantais ag leanaí a gcuirtear iallach orthu éalú ó chogaí nó ó thubaistí nádúrtha.  Fágann sé seo go bhfuil siad níos leochailí toisc nach féidir leo a chruthú cé hiad féin. Féadann sé a bheith deacair freisin a ngaolta a aimsiú má scarann siad óna dteaghlach.

Faigh amach cad is féidir leat a dhéanamh mura bhfuil do chearta á gcomhlíonadh.

Rights

that keep you safe

Ainm

Coinneáil slán

Cosaint ar chogadh

Cosaint ar obair a dhéanann dochar duit

Go gcaithfear go cothrom leat leis an dlí

Náisiúntacht

Príobháideachas

Find out

about your rights!

7-12 years old

13-17 years old