You are here:
Cosaint ar obair a dhéanann dochar duit
7-12
years
old
Cad a chiallaíonn sé seo?

Geallann an CNACL go mbeidh sé de cheart agat cosaint a fháil ó obair atá díobhálach go fisiciúil nó go meabhrach.
Tá sé de cheart agat freisin a bheith cosanta ó obair a dhéanamh a chuireann cosc ort oideachas a fháil.
An raibh a fhios agat?
Tá obair leanaí fós ina fhadhb mhór ar fud an domhain inniu.
Tá na milliúin leanaí fós ag obair in áiteanna amhail mianaigh, feirmeacha, monarchana agus láithreáin tógála ina bhfuil innealra contúirteach nó ceimiceáin dhíobhálacha.
Is minic a tharlaíonn sé sin toisc go bhfuil teaghlach an linbh ag maireachtáil faoi bhochtaineacht, nach bhfuil rochtain acu ar oideachas, nó go bhfuil a dtuismitheoirí ag súil go n-oibreoidh siad.

Ar an drochuair, ní áirítear obair bhaile mar obair a dhéanann dochar duit!
Mar sin féin, ba cheart do do scoil a chinntiú nach bhfuil an iomarca obair bhaile agat ionas go mbeidh am agat fós chun súgradh agus scíth a ligean.
Ní cheadaítear do leanaí atá 16 agus 17 mbliana d’aois níos mó ná 40 uair sa tseachtain agus 8 n-uaire sa lá a oibriú.
In Éirinn, ní féidir le leanaí faoi bhun 14 bliana d’aois a bheith ag obair. Is féidir le páistí atá 14 nó 15 bliana d’aois a bheith ag obair ach caithfidh sé a bheith le linn laethanta saoire na scoile.
Ciallaíonn dlíthe in Éirinn gur minic a íoctar níos lú airgid le leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois ná mar a íoctar le daoine fásta a dhéanann an obair chéanna.
An gceapann tú go bhfuil sé seo cothrom?

Déan beart!
Bíonn an Lá Domhanda in aghaidh Dúshaothrú Leanaí ar siúl gach bliain ar an 12ú Meitheamh.
An féidir leat smaoineamh ar ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh do rang a dhéanamh chun aird a tharraingt faoi shaothar leanaí?
Faigh amach cad is féidir leat a dhéanamh mura bhfuil do chearta á gcomhlíonadh.

Rights
that keep you safe
Ainm
Coinneáil slán
Cosaint ar chogadh
Cosaint ar obair a dhéanann dochar duit
Go gcaithfear go cothrom leat leis an dlí
Náisiúntacht
Príobháideachas
Find out
about your rights!
7-12 years old
13-17 years old