You are here:
Cosaint ar chogadh
7-12
years
old
Cad a chiallaíonn sé seo?
Deir CNACL go bhfuil sé de cheart agat cosaint a fháil má tá cogadh i do thír féin.
Má tá cogadh i do thír féin, tá sé de cheart agat taisteal chuig tír shábháilte.
Nuair atá tú sa tír sin, ní mór don rialtas a chinntiú go bhfaigheann tú do chearta, cosúil leis an gceart go dtabharfaí aire duit, dul ar scoil agus áit chónaithe a bheith agat.



Níor chóir iallach a chur ort dul ar ais chuig do thír mura bhfuil sé sábháilte
Má tá tú scartha ó do theaghlach mar gheall ar chogadh, ba cheart don tír ina bhfuil cónaí ort a ndícheall a dhéanamh sibh a thabhairt le chéile arís .
Cuireann cogaí beatha leanaí i mbaol tromchúiseach agus cuireann siad cosc orthu leas a bhaint as go leor dá gcearta.
Cé na cearta, dar leat, a bhféadfaí cur isteach orthu, agus cén fáth?
An raibh a fhios agat?

In go leor tíortha, cuirtear iallach ar leanaí páirt a ghlacadh i gcogaí mar ‘shaighdiúirí linbh’.
Mar sin féin, deir an CNACL nár cheart iallach a chur ar leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois páirt a ghlacadh i gcogaí.
In Éirinn, mar shampla, caithfidh tú a bheith 18 mbliana d’aois chun dul isteach san arm.

Scéal Amina
Tháinig mé go hÉirinn le mo thuismitheoirí nuair a bhí mé seacht mbliana d’aois mar gheall ar an gcogadh i mo thír féin. Bhí siad ag buamáil tithe daoine, ár scoileanna agus na n-ospidéal. Bhí sé uafásach. Bhí ar mo theaghlach ár mbaile a fhágáil toisc nach raibh sé sábháilte dúinn fanacht ann. Bhí gach rud scriosta.
Tá áthas orm in Éirinn agus tá sé sábháilte anseo. Is féidir liom dul ar scoil arís agus bhí gach duine chomh cairdiúil. Ach airím uaim mo thír agus an chuid eile de mo theaghlach. Tá súil agam go dtiocfaidh deireadh leis an gcogadh go luath.
Faigh amach cad is féidir leat a dhéanamh mura bhfuil do chearta á gcomhlíonadh.

Rights
that keep you safe
Ainm
Coinneáil slán
Cosaint ar chogadh
Cosaint ar obair a dhéanann dochar duit
Go gcaithfear go cothrom leat leis an dlí
Náisiúntacht
Príobháideachas
Find out
about your rights!
7-12 years old
13-17 years old