Skip to main content

Tá tú anseo:  

Gach duine éagsúil, gach duine ar chomhchéim

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá cearta leanaí ag leanaí uile, beag beann ar cé hiad, cad as dóibh, an chuma atá orthu, an teanga a labhraíonn siad nó an cultúr atá acu.

Tá sé de cheart agat go gcaitear go cothrom leat.

SAMPLA: Tá ceart chun oideachas a fháil ag gach leanbh in Éirinn. Má tá cabhair speisialta uait ar scoil, amhail rampa nó cúntóirí riachtanais speisialta, ba chóir don Rialtas a chinntiú go bhfaigheann tú é.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo


An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?

  • Is éard atá i gceist le ‘idirdhealú’ ná nuair a caitear leat ar bhealach difriúil do dhaoine eile de dheasca an chuma atá ort, na háite as a dtagann tú, do chreidimh, na teanga a labhraíonn tú, más buachaill nó cailín tú nó má tá tú faoi mhíchumas. Tá dlí in Éirinn ar a dtugtar an tAcht um Chomhionannas ina luaitear go bhfuil an t-idirdhealú i gcoinne an dlí.
  • In Éirinn, ní féidir leis an gcuid is mó do scoileanna diúltú leat freastal orthu ar chúiseanna creidimh nó cine.
  • Tá scoileanna áirithe reiligiúnacha ann, amhail scoileanna do Giúdacha agus scoileanna do mhionlaigh reiligiúnacha eile, a thugann tús áite do dhaltaí a bhfuil an creideamh sin acu.
  • Is féidir le Gaelscoileanna tús áite a thabhairt do dhaltaí a labhraíonn Gaeilge sa bhaile.
  • Ní féidir le foireann spóirt ar bith tú a dhiúltú de bharr do chuma nó na háite as a dtagann tú.
  • Má tá obráid nó leigheas speisialta de dhíth ort, ní féidir le dochtúirí ná ospidéil a dhiúltú cóir leighis a chur ort de dheasca do chuma nó na háite as a dtagann tú.
  • Tá na cearta céanna ag leanaí faoi mhíchumas agus leanaí nach bhfuil faoi mhíchumas. Ba chóir go mbeidís in ann freastal ar scoil agus páirt a ghlacadh de réir a gcumas i ngníomhaíochtaí uile, díreach mar a dhéanann leanaí eile.

  • Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas Déanann Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn. Tá tuilleadh eolais anseo maidir le céard is ciall leis an gcomhionannas.
  • Belong To – Oibríonn agus tacaíonn BeLong To le daoine óga LGBT (leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach) in Éirinn
  • Pavee Point – Faigh amach faoi Taistealaithe na hÉireann agus na Romaigh ó Ionad Taistealaithe agus Romach Pavee Point.
  • ‘eitneacht’ – Faigh amach faoin ‘eitneacht’ agus gach a mbaineann le Taistealaithe a bheith ina ngrúpa eitneach
  • An Cárta Dearg – Taispeáin an Cárta Dearg don Ciníochas chun é a ruaigeadh as an spóirt
  • CEINAP – Faigh amach ó Chiste Éigeandála Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe do Leanaí conas is féidir le leanaí faoi mhíchumas aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú in áiteanna éagsúla ar fud an domhain