Skip to main content

You are here:  

Bíodh do chearta ar eolas agat

13

– 17

years

old

Cad a chiallaíonn sé seo?

De réir Airteagal 42 de CNACL, ba cheart do rialtais a chinntiú go bhfuil a fhios ag leanaí agus ag daoine fásta faoi na cearta uile atá liostaithe sa Choinbhinsiún um Chearta an Linbh. 

Ba chóir do dhaoine fásta a gcearta a mhíniú do leanaí ar bhealach simplí nó ina dteanga féin

Nuair a bhíonn tú ar an eolas maidir le do chearta, bíonn a fhios agat cad atá i dteideal agat!

Conas a chosnaítear an ceart sin in Éirinn?

Is é jab Oifig an Ombudsman do Leanaí cearta gach linbh agus duine óig atá ina gcónaí in Éirinn a chosaint agus a chur chun cinn.  De réir Acht an Ombudsman do Leanaí 2002 caithfimid feasacht ar chearta leanaí a chur chun cinn i measc bhaill den phobal – lena n-áirítear leanaí!
Chomh maith le hOifig an Ombudsman do Leanaí tá neart eagraíochtaí eile in Éirinn inar féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi do chearta, amhail SpunOut, Comhghuaillíocht um Chearta Leanaí, Faisnéis do Shaoránaigh agus Comhairle na hÉireann um Chearta Sibhialta.

Scéal Ellie

Haigh, is mise Ellie  Táim féin agus mo dheartháir i gcúram cónaithe le 2 bhliain anuas.  Tá mo abhcóide ar dhuine de na daoine is mó a chuidigh liom sa tréimhse sin.  Thug sí tacaíocht iontach dom.  Tá sí i gcónaí ag déanamh cinnte go bhfuil a fhios agam mo chearta agus go bhfuil siad á gcosaint, go háirithe maidir le mo thuairim a bheith agam i mo phlean cúraim.  Tá a fhios agam nach féidir léi gach rud a iarrann mé a dhéanamh, ach tá sí i mo thacaíocht agus éisteann sí i gcónaí le rud éigin a dteastaíonn tuilleadh eolais uaim faoi rud éigin, cabhróidh sí liom i gcónaí.

An bhfuil an ceart sin ag gach leanbh in Éirinn?

Ní bhíonn gach leanbh in Éirinn ar an eolas i gcónaí maidir lena gcearta ,go háirithe leanaí i gcásanna leochaileacha, amhail leanaí atá faoi chúram, leanaí atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta, nó leanaí atá san ospidéal. Má tá tú sa chás seo, ba chóir do dhaoine fásta tacú leat a bheith ar an eolas faoi do chearta trí am a thógáil chun labhairt fúthu leat agus a sheiceáil go bhfuil gach rud tuigthe agat.
Sin é an fáth a ndéanaimid iarracht an oiread leanaí in Éirinn agus is féidir a mhúineadh faoina gcearta. Más spéis leat tuilleadh a fhoghlaim faoi do chearta, féach an féidir le do rang ceardlann a chur in áirithe ag an Oifig an Ombudsman do Leanaí.

Find out what you can do when you’re not getting your rights.

Rights

that help you grow

Ag cur tú féin in iúl

Ag forbairt do thallann agus do chumais

Bíodh do chearta ar eolas agat

Eolas a fháil

Oideachas

Súgradh agus scíth a ligean

Teanga, cultúr agus reiligiún

Find out

about your rights!

7-12 years old

13-17 years old