Skip to main content

Oideachas

13

– 17

years

old

Cad a chiallaíonn sé seo?

Tá sé de cheart agat dul ar scoil agus oideachas ardchaighdeáin a fháil saor in aisce. Mar a deirtear sna Airteagail 23, 28, agus 29 de CNACL

Conas a chosnaítear an ceart sin in Éirinn?

Tá neart dlíthe in Éirinn a chosnaíonn do cheart chun oideachais. Faoi Airteagal 42 de Bhunreacht na hÉireann, tá rochtain ag leanaí ar oideachas bunscoile agus meánscoile saor in aisce.

Faoin Acht Oideachais (Leas), 2000, tá sé de cheart agat oideachas Stáit a fhágáil ag 16 bliana d’aois, nó tar éis duit trí bliana a chríochnú sa mheánscoil.
Faoin Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu, 2004, tá sé de cheart agat fanacht i scoil phríomhshrutha, más féidir, má tá riachtanas speisialta oideachais agat.

Scéal Mháire

Haigh, is mise Máire, tá mé trí bliana déag d’aois agus is duine den Lucht Siúl mé. Níl mé ach tar éis tosú ar an meánscoil agus tá sé an-aisteach, thóg siad amach as an rang rialta mé chun ceachtanna breise Béarla a dhéanamh cé nach dóigh liom go bhfuil siad de dhíth orm. Labhraím beagán difriúil ach tá a fhios agam conas léamh agus scríobh. Níor sheiceáil siad fiú an raibh sé ceart go leor le mo Mham. Síleann na cailíní eile sa scoil cheana féin go bhfuil mé aisteach agus anois mothaím níos eisiata fós.

An bhfuil an ceart sin ag gach leanbh in Éirinn?

Cé go bhfuil an ceart chun oideachais ag gach leanbh in Éirinn, ní fhaigheann gach leanbh an ceart sin.
Is saor in aisce den chuid is mó atá an t-oideachas in Éirinn, ach tá costais ann fós a fhágann go bhfuil sé níos deacra do roinnt leanaí dul ar scoil. Gach bliain, leagann Barnardos béim ar an gcostas “i bhfolach” a bhaineann le hoideachas, amhail éidí scoile, leabhair scoile, gléasanna digiteacha, turais scoile agus táillí breise a iarrann scoileanna ar thuismitheoirí a íoc.  
Is minic nach féidir le leanaí faoi mhíchumas áit scoile a aimsiú in aice leo a thacóidh lena riachtanais. Is féidir go mbeadh sé deacair ar leanaí gan dídean nó leanaí atá i mbochtaineacht dul ar scoil nó fanacht ann. Bíonn bacainní roimh daone óga den Lucht Siúl san oideachas freisin.

Find out what you can do when you’re not getting your rights.

Rights

that help you grow

Ag cur tú féin in iúl

Ag forbairt do thallann agus do chumais

Bíodh do chearta ar eolas agat

Eolas a fháil

Oideachas

Súgradh agus scíth a ligean

Teanga, cultúr agus reiligiún

Find out

about your rights!

7-12 years old

13-17 years old