Skip to main content

You are here:  

Ag cur tú féin in iúl

13

– 17

years

old

Cad a chiallaíonn sé seo?

De réir Airteagal 13 den CNACL, tá an ceart agat ar shaoirse chun do thuairim a nochtadh, rud a chiallaíonn gur chóir go mbeifeá in ann eolas a bhailiú duit féin agus é a roinnt ar an mbealach is mian leat.

Baineann sé seo freisin le hAirteagal 15 de CNACL, faoina gceadaítear do leanaí bualadh le daoine óga eile, grúpaí a bhunú, agus páirt a ghlacadh in agóidí síochánta.

Mar sin féin, tá teorainneacha leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.  Mar shampla, ní féidir leat tú féin a chur in iúl ar bhealach ina ndéantar dochar do chearta nó do chlú duine eile.  D’fhéadfaí é seo a dhéanamh trí eolas príobháideach fúthu a nochtadh nó trí rudaí nach bhfuil fíor a rá fúthu.

Ní féidir leat tú féin a chur in iúl ach an oiread ar bhealach ina gcuirtear sábháilteacht duine eile nó grúpa daoine i mbaol.  Mar shampla, níor cheart duit rudaí a rá ná a scríobh d’fhonn daoine a spreagadh chun gníomhú go foréigneach nó go fuafar in aghaidh daoine eile.   

An bhfuil an ceart sin ag gach leanbh in Éirinn? 

Is minic a thugtar ‘Cosantóirí Leanaí ar Chearta an Duine’ ar leanaí agus ar dhaoine óga a dhéanann beart nuair nach mbíonn a gcearta á gcosaint.  

Sa bhliain 2020, thug naonúr cailíní ón gCuid Eacuadórach den Amasóin cás in aghaidh a rialtais, ag maíomh go ndearnadh dochar dá gcearta chun sláinte, uisce glan, agus timpeallachta sláintiúla trí phróisis asbhainte ola.
Sa bhliain 2023, thug seisear daoine óga ón bPortaingéil cás ceannródaíoch chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, ag maíomh nach raibh a ndóthain á dhéanamh ag tíortha chun iad a chosaint ón athrú aeráide.

Ar fud an domhain, bhí dúshláin ollmhóra le sárú ag go leor de chosantóirí leanaí ar chearta an duine agus iad ag iarraidh a dtuairimí a nochtadh agus seasamh suas ar son chearta an duine.  Ina measc seo, tá ciapadh ar líne agus cibearbhulaíocht, ionsaithe fisiciúla, nó faireachas rialtais

Conas a chosnaítear an ceart sin in Éirinn?

Faoi Airteagal 40.6 de Bhunreacht na hÉireann, ráthaítear ceart na saoránach a dtuairimí agus a gcreidimh a nochtadh go saorálach.
Tá dlíthe in Éirinn freisin d’fhonn fuathchaint a chosc. Mar shampla, sonraítear san Acht um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Fuatha, 1989, gur cion atá ann cumarsáid a dhéanamh ar bhealach ina bhféadfaí fuath a ghríosú in aghaidh grúpa daoine mar gheall ar a gcine, a ndath, a náisiúntacht, a reiligiún, a mbunadh eitneach, toisc gur baill den Lucht Siúil iad, nó mar gheall ar a ngnéasacht.  
dlíthe cinsireachta in Éirinn freisin d’fhonn a chinntiú gur féidir leabhair, scannáin, irisí, nó ábhar ar líne a thoirmeasc nó a shrianadh más rud é go nglactar cion díobh, nó gur dócha go spreagfaí foréigean nó fuath dá mbarr.

Find out what you can do when you’re not getting your rights.

Rights

that help you grow

Ag cur tú féin in iúl

Ag forbairt do thallann agus do chumais

Bíodh do chearta ar eolas agat

Eolas a fháil

Oideachas

Súgradh agus scíth a ligean

Teanga, cultúr agus reiligiún

Find out

about your rights!

7-12 years old

13-17 years old